Daonlathas agus Athrú - Toghcháin Áitiúla 1920 in Éirinn
- Foilsithe: 2 Deireadh Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 8 Feabhra 2021
Ag obair le Cartlannaithe agus Bainisteoirí Taifead Rialtais Áitiúil, choimisiúnaigh an Roinn leabhrán chun toghcháin áitiúla 1920 a chomóradh. Tá íomhánna agus faisnéis sa leabhrán ar réimsí mar an aeráid pholaitiúil ag an am, Cogadh na Saoirse, athchóiriú rialtais áitiúil, comhairlí ceantair tuaithe agus uirbeacha, comhairlí contae agus cathrach agus toghchán áitiúil 1920. Tugann sé léargas freisin ar bhuaicphointí agus íosphointí 1920-1925, chomh maith leis an ról a bhí ag mná i dtoghcháin áitiúla 1920.