Dea-Iompar idir Comharsana a Spreagadh
- Foilsithe: 17 Iúil 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
- Ionóntaí agus dea-iompar idir comharsana
- Údaráis áitiúla
- Cad é a dhéanfaidh mé má chuireann tionóntaí a bhíonn páirteach in iompar frithshóisialta isteach orm?
Ionóntaí agus dea-iompar idir comharsana
Comharsana maithe is ea formhór na dtionóntaí tithíochta, a bhfuil meas acu ar a gcomharsana agus a chloíonn le téarmaí agus coinníollacha a gcomhaontaithe tionóntachta.
Faoi choinníollacha tionóntachta cibé an bhfuil tú ag ligean ar cíos ón earnáil phríobháideach nó ó údarás áitiúil ceanglaítear ort de ghnáth nach gcuirfidh tusa nó duine ar bith eile i do theach isteach ar shíth agus ar shocracht do chomharsan nó na comharsanachta.
Níor cheart do thionónta i gcóiríocht phríobháideach ar cíos é nó í féin a iompar ar bhealach frithshóisialta nó níor cheart dó nó di ligeann do ball dá dteaghlaigh nó cuairteoir iad féin a iompar ar bhealach frithshóisialta.
Ar an drochuair, bíonn líon beag tionóntaí páirteach in iompar frithshóisialta agus bíonn tionóntaí dá leithéid i mbaol a dtionóntacht a chailleadh.
Go ginearálta is faoin nGarda Síochána atá sé déileáil le hiompar frithshóisialta; is féidir le tiarna talún príobháideach agus an t-údarás áitiúil tionóntacht a fhoirceannadh fosta mura gcloíonn tionónta le coinníollacha a chomhaontaithe tionóntachta agus má bhíonn páirteach in iompar frithshóisialta.
Údaráis áitiúla
Tá cumhachtaí ag na húdaráis áitiúla faoi na hAchtanna Tithíochta 1966 go 2014 a stoc tithíochta a bhainistiú, lena n-áirítear, i gcás iompair fhrithshóisialta, cumhachtaí chun seilbh a n-aonad a fháil ar ais agus chun orduithe cúirte a lorg lena n-eisiaitear daoine ó aonaid nó eastáit tithíochta sóisialta ar feadh tréimhsí suas le 3 bliana.
Féadfaidh údaráis áitiúla a dhiúltú áiteanna cónaithe a leithdháileadh ar dhaoine a bhíonn páirteach in iompar frithshóisialta, nó a dhiúltú áiteanna cónaithe a dhíol leo.
Cad é a dhéanfaidh mé má chuireann tionóntaí a bhíonn páirteach in iompar frithshóisialta isteach orm?
Más tionónta údaráis áitiúil thú — is féidir leat teagmháil a dhéanamh le d’údarás áitiúil toisc gur tugadh cumhachtaí áirithe dóibh faoi Chuid 2 den Acht Tithíochta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2014 chun gníomh a dhéanamh i gcoinne iad siúd a bhíonn páirteach in iompar frithshóisialta a sháraíonn a dtionóntachta.
Más tionónta i gcóiríocht phríobháideach ar cíos thú — ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an tiarna talún ina bhfuil na tionóntaí páirteach in iompar frithshóisialta agus a iarraidh air/uirthi gníomh a dhéanamh lena chinntiú go stopfar an t-iompar frithshóisialta. Mura ndéileálann an tiarna talún leis an gcás is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha (BTCP) le cabhair a fháil.