Eile eolas
- Foilsithe: 8 Samhain 2024
- An t-eolas is déanaí: 25 Samhain 2024
- An tOrdú maidir leis an Lá Vótaíochta
- An chaoi a dtoghtar an Dáil
- Páipéar Ballóide Samplach - Olltoghchán 2024
- Léarscáileanna Dáilcheantar na Dála 2024
- Ionaid Chomhairimh an Olltoghcháin
- Póstaeir
- Ionadaíocht Chionmhar-Aonvóta Inaistrithe (PR-STV)
- Teorainneacha caiteachais agus méid na haisíocaíochta d'iarrthóirí Dála
- Vótáil na nOileán
- Dlí Toghcháin
An tOrdú maidir leis an Lá Vótaíochta
Ar De hAoine, 08 Samhain 2024, shínigh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien TD, an tOrdú maidir leis an Lá Vótaíochta i leith an Olltoghcháin a reáchtálfar ar De hAoine, 29 Samhain 2024. Is féidir an preasráiteas a léamh.
An chaoi a dtoghtar an Dáil
Ar an Aoine an 29 Samhain 2024, toghfaidh na toghthóirí 173 Teachta Dála chuig an 34ú Dáil. Meastar an Ceann Comhairle a bheith tofa gan aon toghchán. Reáchtálfar vótáil in 43 dáilcheantar.
Páipéar Ballóide Samplach - Olltoghchán 2024
Léarscáileanna Dáilcheantar na Dála 2024
Ionaid Chomhairimh an Olltoghcháin
Póstaeir
Is féidir póstaeir a chur suas ón dáta ar síníodh an tOrdú maidir leis an Lá Vótaíochta. Ní mór póstaeir a bhaint anuas taobh istigh de 7 lá ón lá Vótaíochta.
Le hAlt 140 den Acht Toghcháin, 1992, leagtar síos nach foláir ainm agus seoladh chlódóir agus fhoilsitheoir gach fógra, bille nó póstaeir, nó gach doiciméid dá shamhail, a bhaineann le toghchán Dála nó a dháiltear d’fhonn iarrthóireacht aon iarrthóra i dtoghchán Dála a chur chun cinn a bheith ar éadan na nithe sin.
Ionadaíocht Chionmhar-Aonvóta Inaistrithe (PR-STV)
Déantar vótaí a chaitheamh trí rúnbhallóid ag baint úsáid as an gcóras PR-STV (ionadaíocht chionmhar ar mhodh aonvóta inaistrithe) i dtoghchán Dála. Le PR-STV, ligtear do thoghthóirí a gcéad rogha agus na roghanna ina dhiaidh sin maidir le hiarrthóirí a chur in iúl ar an bpáipéar ballóide.
Is féidir teacht ar thuilleadh eolais maidir leis an PR-STV anseo.
Teorainneacha caiteachais agus méid na haisíocaíochta d'iarrthóirí Dála
Ní mór caiteachas toghcháin a thabhaíonn iarrthóir i dtoghchán Dála a bheith faoi bhun na dteorainneacha seo a leanas:
- €38,900 i ndáilcheantar 3 shuíochán
- €48,600 i ndáilcheantar 4 shuíochán
- €58,350 i ndáilcheantar 5 shuíochán
Tuilleadh eolais faoi theorainneacha caiteachais agus faoin méid aisíocaíochta d’iarrthóirí Dála
Vótáil na nOileán
Ar an 15 Samhain, 2024, rinne an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien TD, Ordú ina gceaptar na huaireanta a mbeidh an vótaíocht ar siúl lena linn ar oileáin áirithe san olltoghchán ar an 29 Samhain2024.
Dlí Toghcháin
Baineann an dlí maidir le Teachtaí Dála a thoghadh agus le clár na dtoghthóirí leis na hAchtanna seo a leanas:
- Airteagal 16 de Bhunreacht na hÉireann
- An tAcht Toghcháin, 1992, arna leasú
- An tAcht Toghcháin, 1997, arna leasú
- An tAcht Toghcháin (Leasú),2023
- An tAcht um Thoghchán, Rialtas Áitiúil agus Pleanáil agus Forbairt, 2013
- An tAcht um Athchóiriú Toghcháin, 2022
Is féidir breathnú ar na foilseacháin sin ar http://www.irishstatutebook.ie/
More information on spending limits and reimbursement amount for Dáil candidates