Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Faireachas ar an Margadh maidir le Táirgí Foirgníochta

Cé gur tháinig an Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta i bhfeidhm ar an 1 Iúil 2013, agus go bhfuil cur i bhfeidhm dlíthiúil díreach aige ar fud an Aontais Eorpaigh ar fad ó shin i leith, bíonn gach Ballstát freagrach as a chuid gníomhaíochtaí faireachais féin ar an margadh a rialáil i gcomhréir le ceanglais ar leith an RTF agus leis na ceanglais uileghabhálacha níos leithne i gCaibidil III de Rialachán (AE) Uimh. 765/2008 Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar an 9 Iúil 2008 a leagann amach na ceanglais do chreidiúnú agus faireachán margaidh maidir le margaíocht táirgí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh 339/9.

Tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar as Acht an Aontais Eorpaigh (Forálacha Iarmartacha) Acht 2020 (Táirgí Foirgníochta - Faireachas Margaidh) Rialachán 2020 (I.R. 682/2020), ceapadh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ina húdarás inniúil chun gníomhaíochtaí faireachán margaidh a dhéanamh faoi Rialacháin 2013 (I.R. Uimh.225 de 2013) an Aontais Eorpaigh (Táirgí Foirgníochta) ar gach táirge foirgníochta (faoi raon feidhme an RTF) sa Stát.

Is í Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath-Oifig Náisiúnta um Rialú Foirgníochta (CCBÁC-ONRF), an tAonad um Fhaireachas Margaidh a dhéanann monatóireacht ar na ceanglais reachtúla, agus a chuireann i bhfeidhm iad, mar a leagtar amach faoi Rialacháin 2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 an Aontais Eorpaigh (Táirgí Foirgníochta) ar fud na tíre.

Is féidir teagmháil a dhéanamh le CCBÁC-ONRF ag: support@nbco.gov.ie

Déantar foráil le Rialacháin 2013 (I.R. 225 de 2013) an Aontais Eorpaigh (Táirgí Foirgníochta) maidir le:

  • faireachán margaidh ar tháirgí foirgníochta ag féachaint do cheanglais an RTF agus do Rialachán (AE) Uimh. 765/2008
  • bunú údarás um rialú foirgníochta mar na húdaráis faireachais ar an margadh do tháirgí foirgníochta. Ceapadh oifigigh údaraithe chomh maith i ngach ceann de na 31 údarás áitiúil um rialú foirgníochta chun na ceanglais reachtúla, mar a leagtar amach faoi Rialacháin 2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 an Aontais Eorpaigh (Táirgí Foirgníochta), a chur i bhfeidhm.
  • cionta, pionóis agus ionchúisimh, agus
  • scrios nó diúscairt táirgí foirgníochta i gcás go bhfuil duine ciontaithe ar díotáil i gcionta áirithe faoi na rialacháin seo.

De bhun Airteagal 18(5) de Rialachán (CE) 765/2008, tá clár Náisiúnta na hÉireann um fhaireachas margaidh 2021 foilsithe ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.

An rialachán um Fhaireachas Margaidh is déanaí

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat