English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Sonraí tosaithe míosúla le haghaidh mhí Feabhra foilsithe

Léirítear sna sonraí gur cuireadh tús le 1,017 teach i mí Feabhra 2025.

Ar bhonn atrátha 12 mhí (mí an Mhárta 2024 go mí Feabhra 2025), cuireadh tús le 64,175 teach, arb ardú 79% é ó na 12 mhí roimhe sin (nuair a cuireadh tús le 35,776 teach).

As na 1,017 teach ar cuireadh tús leo i mí Feabhra, is áiteanna cónaithe scéime iad 21%, is árasáin iad 61%, agus baineann 18% le haonaid aonuaire.

As na tithe ar fad ar cuireadh tús leo le linn na míosa sin, bhí 47% díobh sna ceithre údarás áitiúla i mBaile Átha Cliath agus 44% i gCathair Bhaile Átha Cliath féin. De réir údarás áitiúil, ba i gCathair Bhaile Átha Cliath a cuireadh tús leis an líon ba mhó tithe (451) agus bhí Luimneach (109) agus Dún na nGall (89) ina dhiaidh sin.

Is féidir teacht ar an tacar sonraí tosaithe iomlán ag: Tosuithe i mí Feabhra 2025
Full data on the number of homes commenced, notices and one-off dwellings on a national level and by local authority from 2014 to February 2025
Download link for Íoslódáil