English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh


Is í an Roinn seo an phríomh-Roinn a chuireann an Treoir ón Aontas Eorpach maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh (athmhúnlú) i ngníomh.

Leagtar amach le Cuid L de na Rialacháin Foirgníochta Breosla agus Fuinneamh a Chaomhnú in Áitribh Chónaithe na ceanglais maidir le hastaíochtaí fuinnimh agus dé-ocsaíde carbóin d’fhoirgnimh nua agus do chinn atá ann cheana féin faoi réir na Rialachán Foirgníochta


Treoir Maidir Le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh


Na Rialacháin maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh 2021


Tuairiscí Na Treorach Maidir Le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh


Foirgnimh atá ann cheana féin a iarfheistiú


Cur chun feidhme na Treorach athbhreithnithe maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh (2018/844/AE)

Le leasuithe ar Chuid L de na Rialacháin Foirgníochta (a bhaineann le caomhnú breosla agus fuinnimh in áitribh chónaithe), tugtar éifeacht do Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh) 2019, a foilsíodh an 3 Bealtaine 2019 (I.R. 183 de 2019). Tiocfaidh na rialacháin i bhfeidhm an 1 Samhain 2019. Leis na rialacháin seo, déantar a thrasuí Treoir 2010/31/AE de chuid Pharlaimint na hEorpa agus Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (athmhúnlú), arna leasú le Treoir (AE) 2018/844 de chuid Pharlaimint na hEorpa agus Chomhairle an Aontais Eorpaigh den 30 Bealtaine 2018. Leagtar amach sa Treoir ceanglais ar Bhallstáit maidir le feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus rannchuidiú go mór le laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa. Foilsíodh Treoirdhoiciméad Teicniúil athbhreithnithe, L (Caomhnú Breosla agus Fuinnimh) - Áitribh Chónaithe, i dteannta leis na Rialacháin.

Is é an sainmhíniú a dhéantar sa Treoir ar Fhoirgneamh nach mór Neodrach ó thaobh Fuinnimh (NZEB) ná foirgneamh a bhfuil ardfheidhmíocht fuinnimh ann. Maidir leis an méid fuinnimh a theastaíonn, méid gar do nialas nó an-íseal, deirtear gur chóir na riachtanais a chomhlíonadh, tríd is tríd, le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite, lena n-áirítear fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a ghintear ar an láthair nó in aice láimhe. Le hAlt 9(1) den Treoir, ceanglaítear ar Bhallstáit a chinntiú faoi 31 Nollaig 2020, gur foirgnimh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh iad na foirgnimh nua ar fad. Faoi rialacháin 2011, a bhí ann roimhe, déantar an gnátháitreabh cónaithe nua a thógáil ag Rátáil Fuinnimh Foirgnimh (RFF) A3. Faoi cheanglais an NZEB, is cothrom le RFF A2 a theastaíonn. Seasann sé seo do fheabhsú 70% ar éifeachtúlacht fuinnimh agus laghdú 70% ar astaíochtaí CO2 i gcomparáid le 2005. Tugtar isteach leis 20% d’fhoinsí in-athnuaite fuinnimh mar chéatadán d’úsáid iomlán fuinnimh foirgnimh.

Ceanglaítear leis an Treoir, sa chás go ndéantar athchóiriú mór ar fhoirgneamh (a shainítear mar athchóiriú ina ndéantar athchóiriú ar níos mó ná 25% de dhromchla an imchlúdaigh foirgnimh), gur cheart go mbainfeadh an foirgneamh amach, ag leibhéal an fhoirgnimh, feidhmíocht fuinnimh atá barrmhaith ó thaobh costais de, a mhéid is atá sé sin indéanta ar bhonn teicniúil, feidhmiúil agus eacnamaíoch. Is ionann leibhéal feidhmíochta fuinnimh atá barrmhaith ó thaobh costais de agus RFF B2.

Chun an feabhsú feidhmíochta a bhaineann leis an gcaighdeán nua NZEB seo a bhaint amach déantar, i measc rudaí eile, feidhmíocht aerdhíonachta an fhoirgnimh a fheabhsú. Agus mar thoradh ar an bhfeabhsú sin, teastaíonn córais aerála níos éifeachtaí. I leasú ar Chuid F (Aeráil) den Dara Sceideal de na Rialacháin Foirgníochta, leagtar amach íoschaighdeáin a theastaíonn chun modhanna aerála a chur ar fáil i bhfoirgnimh, atá éifeachtach agus leordhóthanach le caighdeán maith aeir laistigh a chinntiú. Foilsíodh Treoirdhoiciméad Teicniúil athbhreithnithe, F (Aeráil), i dteannta leis na Rialacháin.

I measc na mbuntáistí is mó a bhaineann leis na rialacháin nua tá billí fuinnimh laghdaithe, maolú ar thearcrochtain fuinnimh, buntáistí sláinte agus laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa.