Forléargas ar Phleanáil in Éirinn
- Foilsithe: 4 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Márta 2025
- An Creat Náisiúnta Pleanála
- Tionóil Réigiúnacha
- Pleananna Forbartha na nÚdarás Áitiúil
- Cead Pleanála
- Forbairt Neamhúdaraithe
- Forfheidhmiú
- An Bord Pleanála
Leanfaidh an córas pleanála ag feidhmiú faoi na hailt ábhartha d’Acht 2000 go dtí go gcuirfear tús le hailt choibhéiseacha d’Acht 2024 ar bhonn céimnithe.
San achoimre thíos ar an gcóras pleanála, léirítear conas a fheidhmíonn an córas faoi Acht 2000 faoi láthair.
Tá tuilleadh treoracha mionsonraithe maidir le gnéithe éagsúla de chóras pleanála na hÉireann le fáil ar suíomh gréasáin Oifig an Rialálaí Pleanála
Chun níos mó faoi na hathruithe atá le teacht ar phleanáil faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024 a léamh, cliceáil anseo.
Agus pleanáil déanta, cuirtear ar ár gcumas an úsáid is fearr a bhaint as ár n-acmhainní; comhshaol agus oidhreacht ár mbailte a chosaint; a chinntiú go bhfuil cathracha agus an tuath faoi chosaint agus an fhorbairt is gá a éascú chun freastal ar ár riachtanais bhonneagair chun dul chun cinn a dhéanamh.
Tá pleanáil chuí ríthábhachtach chun forbairt iomchuí a chinntiú. Aithníonn sé an fhorbairt atá riachtanach, déanann sé measúnú ar réimsí cosanta nó feabhsaithe, agus déanann sé measúnú ar oiriúnacht na dtionscadal molta.
Déanann an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, i gcomhar le hOifig an Rialálaí Pleanála ó thaobh oibríochta de, maoirseacht ar fhorbairt agus ar chur chun feidhme an bheartais pleanála náisiúnta agus na reachtaíochta ar leibhéil áitiúla agus réigiúnacha.
Tá córas pleanála oscailte agus rannpháirteach ag Éirinn a spreagann saoránaigh iad féin a chur in iúl sa phróiseas déanta plean forbartha; tuairimí a thabhairt ar fhorbairtí beartaithe ar bhealach trédhearcach agus achomhairc a dhéanamh ar chinntí agus ar phróisis nach measann siad a bheith ceart. Ar an dóigh sin, cuirtear ar chumas pobal tríd an gcóras pleanála tionchar a imirt ar chúrsaí pleanála ina gceantar féin.
An Creat Náisiúnta Pleanála
Doiciméad náisiúnta is ea an Creat Náisiúnta Pleanála ina dtreoraítear pleanáil agus forbairt straitéiseach don tír thar na 20+ bliain amach romhainn, ionas go mbeidh an fás inbhuanaithe (i dtéarmaí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil) de réir mar a rachaidh an daonra i méid.Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais faoin athbhreithniú is déanaí ar an CNP
Tionóil Réigiúnacha
Leis an gCreat Náisiúnta Pleanála (CNP) agus leis an bPlean Forbartha Náisiúnta, treoraítear trí Thionól Réigiúnacha na hÉireann chun a Straitéisí Spáis agus Eacnamaíochta Réigiúnacha a chruthú. Comhordaítear Pleananna Forbartha leis na straitéisí sin chun ailíniú ar leibhéil náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a chinntiú. Cliceáil anseo chun níos mó a fháil amach faoi obair na dtionól réigiúnach.
Pleananna Forbartha na nÚdarás Áitiúil
Ar an leibhéal áitiúil is ar na húdaráis áitiúla phleanála atá an fhreagracht as pleanáil. Ullmhaíonn údaráis áitiúla pleananna forbartha, pleananna ceantair áitiúil agus scéimeanna pleanála lena dtreoraítear forbairt ina gceantair féin. Tá beartas pleanála náisiúnta, treoracha comhshaoil agus Treoirlínte ón Aire mar bhonn eolais ag pleananna den sórt sin. Tá na pleananna sin freagrach as an toradh ar fhormhór na n-iarratas ar phleanáil a chinneadh.
Tá breac-chuntas sa phlean forbartha faoi láthair ar bheartais phleanála an phobail áitiúil ar feadh sé bliana agus cuimsíonn sé mioneolas ar úsáid talún agus cuspóirí forbartha. Áirítear leis chomh maith ráiteas i scríbhinn agus léarscáileanna maidir le fás inbhuanaithe, rud a chinntíonn ailíniú le beartais Náisiúnta (CNP) agus Réigiúnacha (SSER).
Déanann comhairleoirí tofa an plean forbartha a chruthú, a athbhreithniú agus a athrú, bunaithe ar chúnamh teicniúil ó oifigigh agus ar chomhairliúchán poiblí forleathan.
Leagtar amach i bpleananna ceantair áitiúil beartais phleanála shonracha le haghaidh ceantar [níos lú/ sonrach] atá curtha i leataobh le haghaidh forbairt shuntasach laistigh de cheantar feidhme an údaráis áitiúil. Ní mór go mbeadh na pleananna áitiúla sin ailínithe le straitéisí forbartha náisiúnta agus réigiúnacha chomh maith le straitéisí forbartha lárnacha agus tá siad faoi réir comhairliúchán poiblí.
Cead Pleanála
Déanann Údaráis Áitiúla cinntí ar phleanáil bunaithe ar bhreithniú a dhéanamh ar an bhforbairt bheartaithe ag féachaint do na pleananna agus beartais ábhartha áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta agus aon bhreithnithe comhshaoil eile.
Tá formhór mór na gcinntí sin á ndéanamh ag údaráis phleanála ar an leibhéal áitiúil, ach cuirtear forbairtí ar Mhórscála, ar a dtugtar Forbairt Bonneagair Straitéisigh (FBS) nó Forbairt Chónaithe ar Mhórscála (FCM), faoi bhráid an Bhoird Pleanála go díreach.
Ar bhonn ginearálta, tá cead ag teastáil ó aon fhorbairt nó athrú ar thalamh nó ar mhaoin, mura bhfuil díolúine sonrach ann.
Tá níos mó treorach maidir le cead pleanála ar fáil ó Oifig an Rialálaí Pleanála anseo: Treoir-maidir-le-Cead-Pleanála.pdf.
Tá rochtain phoiblí ar stádas na n-iarratas ar phleanáil le fáil go héasca trí shuíomh gréasáin d’údaráis áitiúil, ar féidir é a aimsiú trí chliceáil anseo.
Forbairt Neamhúdaraithe
Is féidir forbairt neamhúdaraithe a bheith mar thoradh ar dhul níos faide ná
an rud ar tugadh cead dó, mura gcloítear le coinníoll ceada nó mura bhfuil cead faighte ar chor ar bith. Beidh d’údarás pleanála áitiúil in ann comhairle a chur ort faoi sin.
Forfheidhmiú
Sa chás go gcinneann an tÚdarás Pleanála go raibh forbairt neamhúdaraithe ann, féadfar nósanna imeachta forfheidhmithe a agairt; lena n-áirítear teacht os comhair cúirte, pionóis (amhail fíneálacha suntasacha nó fiú príosúnacht).
Tá níos mó treorach ar fhorfheidhmiú ar fáil anseo: Treoir-maidir-le-Forfheidhmiú-Pleanála.pdf.
An Bord Pleanála
Is é an Bord Pleanála bord achomhairc pleanála náisiúnta na hÉireann, a bhunaigh an Rialtas chun córas neamhspleách, oscailte agus neamhchlaonta le haghaidh achomhairc phleanála a sholáthar. Is féidir le daoine aonair a chuireann iarratas isteach ar chead pleanála nó a dhéanann aighneachtaí chuig údaráis phleanála achomhairc a dhéanamh chuig an mbord, a dhéanann measúnú chomh maith ar Fhorbairt Bonneagair Straitéisigh (FBS), Forbairt Chónaithe ar Mhórscála (FCM) agus iarratais áirithe ag Údaráis Áitiúil. Cliceáil anseo chun níos mó a léamh faoin mBord Pleanála.