Gníomhú ar son na hAeráide
- Foilsithe: 1 Deireadh Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 26 Samhain 2021
Tá an aeráid dhomhanda ag athrú agus beidh iarmhairtí ag na hathruithe sin d’Éirinn sa todhchaí. Is gá aghaidh a thabhairt ar chúiseanna fadtéarmacha an athraithe aeráide trínár n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, agus oiriúnú dá éifeachtaí sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Tá an Rialtas tiomanta do bheartas aeráide fadtéarmach bunaithe ar shraith pleananna náisiúnta a ghlacadh thar an tréimhse go dtí 2050, arna threorú ag beartas na Náisiún Aontaithe agus an Aontais Eorpaigh.
Tá tionchair éagsúla agus leathana ag cur isteach ar an aeráid cheana féin ar chomhshaol, ar shochaí, ar acmhainní eacnamaíocha agus nádúrtha na hÉireann. Is freagra uile-Rialtais é an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide chun Dul i nGleic le Cliseadh Aeráide ina leagtar amach cur chuige uaillmhianach sna blianta amach romhainn chun aghaidh a thabhairt ar athrú aeráide trí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus bogadh i dtreo todhchaí ísealcharbóin.
Tá beartais agus bearta á bhforbairt agus á gcur i bhfeidhm ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta chun aghaidh a thabhairt ar athrú aeráide thar earnálacha éagsúla: