Grúpa Oibre ar Ghníomhartha a Bhaineann le hÚdaráis Áitiúla mar a shainaithnítear sa Phlean Gnímh do Mharthanóirí agus Iar-Chónaitheoirí Árais Máithreacha agus Naíonán agus Teaghlaigh Chontae
- Foilsithe: 8 Nollaig 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Ballraíocht agus Téarmaí Tagartha
- Miontuairiscí
- Fráma Ama a bhfuiltear ag súil leis go gCuirfidh an Grúpa a nObair i gCrích
Bunaítear an Grúpa Oibre seo chun gníomhartha i bPlean Gnímh an Rialtais a chur chun cinn mar fhreagairt ar Thuarascáil Deiridh an Choimisiúin Imscrúdúcháin (Árais Máithreacha agus Naíonán agus Nithe áirithe gaolmhara) a mbíonn údaráis áitiúla bainteach leo.
Baineann na gníomhartha atá i gceist le:
- cur chuige marthanóir-lárnach a ghlacadh maidir le rochtain ar agus soláthar seirbhísí rialtais áitiúil do mharthanóirí agus dá dteaghlaigh
- tionscadail chuimhneacháin áitiúla de réir mhianta iar-chónaitheoirí árais máithreacha agus naíonán.
Eiseoidh an Grúpa, tar éis a phlé, a thaighde agus a chomhairliúcháin le marthanóirí agus lena dteaghlaigh/grúpaí marthanóirí, treoir chun cuidiú leis na húdaráis áitiúla go léir na gníomhartha seo a chur i bhfeidhm.
Ballraíocht agus Téarmaí Tagartha
Ar an ngrúpa oibre beidh ionadaithe ó na húdaráis áitiúla, arna n-ainmniú ag an:
- gCumann Lucht Bainistíochta Contae agus Cathrach (CCMA)
- Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (DHLGH)
- Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (DCEDIY)
- Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail (DRCD).
Miontuairiscí
Fráma Ama a bhfuiltear ag súil leis go gCuirfidh an Grúpa a nObair i gCrích
Tuigtear an phráinn a bhaineann leis an gceist do go leor de na hiarchónaitheoirí, dá bhrí sin, táthar ag súil go dtabharfaidh an grúpa oibre faoina chuid oibre chomh sciobtha agus is féidir, agus é mar aidhm leis a chuid téarmaí tagartha a bheith tugtha chun críche faoi dheireadh shamhradh 2022.