English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Grúpa oibre de pháirtithe leasmhara chun athbhreithniú a dhéanamh ar choistí um bheartas straitéiseach na n-údarás áitiúil


Thapaigh an Roinn an deis chun athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh ar fheidhmiú na gCoistí um Beartas Straitéiseach. Bunaíodh Grúpa Oibre Páirtithe Leasmhara (GOPL) chun an t-athbhreithniú a threorú, a chomhairliú agus a mhaoirsiú. Chuir an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta tacaíocht rúnaíochta ar fáil. Rinne an Foras Riaracháin an t-athbhreithniú, agus chuir sé tuarascáil faoi bhráid an GOPL le haghaidh tráchtaireachta.

Áiríodh leis an athbhreithniú próiseas taighde agus comhairliúcháin, meastóireacht ar shocruithe reatha, agus sraith moltaí maidir le coigeartuithe a dhéanamh ar na socruithe reatha.

Is féidir teacht ar Thuarascáil deiridh an Fhorais Riaracháin agus ar thráchtaireacht an Ghrúpa Oibre Páirtithe Leasmhara ar an tuarascáil sin thíos.

IPA Report on a Review of Strategic Policy Committees (SPCs)

Review and Report of Strategic Policy Committees (SPCs) - Stakeholder Working Group Commentary

D’fhoilsigh an Roinn Treoirlínte SPC (Coistí um Beartais Straitéiseacha) leasaithe i mí an Mheithimh 2024, agus tá siad ar fáil thíos:

Corporate Policy Groups and Strategic Policy Committees - Revised Guidelines for Establishment and Operation (June 2024)


Ballraíocht

Ainm an Bhaill Eagraíocht An raibh an ball ina Oifigeach Poiblí Ainmnithe? (Do bhaill nach mbaineann leis an seirbhís phoiblí)
Diarmuid O’Leary (Chair) An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta -
Cllr Nick Killian Aontas Rialtas Áitiúil na hÉireann -
Cllr Anne Colgan Aontas Rialtas Áitiúil na hÉireann -
Cllr Micheál Anglim Cumann Chomhaltaí na nÚdarás Áitiúil -
Cllr John Sheahan Cumann Chomhaltaí na nÚdarás Áitiúil -
Mark Keaveney (ó 10ú lá de Shamhain 2022) Cumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach -
Amanda Byrne (ó 10ú lá de Shamhain 2022) Cumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach -
Louise Purcell An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta -
Eoin Colleary An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta -
Grant Couper (Rúnaí ar Ghrúpa Oibre na bPáirtithe Leasmhara) An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta -
Brian O’Loughlin An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta -
Anthony O’Mahony An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta -
Kieran Moylan An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail -
Niall Cussen Oifig an Rialaitheora Pleanála -
Susan O’Toole (ó 28 lá de Márta 2023) An Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil -
Liam Berney Comhdháil na gCeardchumann Ní raibh
Mr Charles Stanley-Smith Grúpa Comhairleach Náisiúnta an Líonra Rannpháirtíochta Poiblí Ní raibh
Aebhric McGibney Comhlachais na hÉireann (Comhlachas Bhaile Átha Cliath) Ní raibh
Alice Doyle (ó 2 Feabhra 2024) Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann
Tony McCarthy Líonra Rannpháirtíochta Poiblí Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin - An Colún Pobail agus Deonach, An Rúnaíocht Ní raibh
Derry O’Farrell Líonra Rannpháirtíochta Poiblí Chathair Chorcaí - An Colún Comhshaoil, An Rúnaíocht Ní raibh
Deirdre Arnold Líonra Rannpháirtíochta Poiblí Uíbh Fhailí - Cuimsiú Sóisialta, Ionadaí Ní raibh
Eoghan Ryan (ó 29 Eanáir 2024) Comhairle Contae Chill Dara -
Eamon Lonergan (ó 28 Feabhra 2024) Comhairle Contae Thiobraid Árann -

Téarmaí Tagartha Ghrúpa Oibre na bPáirtithe Leasmhara

Terms of Reference - Stakeholder Working Group (SWG) for the review of local authority Strategic Policy Committees
Amharc amharc

Miontuairiscí cruinnithe Ghrúpa Oibre na bPáirtithe Leasmhara


Comhlacht Ábhartha - An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil

An GOPL ag déanamh maoirseacht ar athbhreithniú Choistí na mBeartas Straitéiseach, "Comhlacht lomchuí", mar a leagadh amach faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015. Cloíonn sé le forálacha faoin gCód Trédhearcachta atá bainteach leis, agus mar sin ní gá dó cloí leis an riachtanas cláraithe agus tuairiscithe a bhaineann le gníomhaíochtaí brústocaireachta.