English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Infheistiú i dTithíocht Shóisialta


Cheadaigh an Rialtas an Straitéis Tithíochta Sóisialta 2020 agus foilsíodh í i mí na Samhna 2014. Ag leanúint ón Straitéis, léirigh raon leathan forbróirí, infheisteoirí, airgeadaithe, Comhlachtaí Tithíochta Ceadaithe agus eile spéis a bheith páirteach i soláthar tithíochta sóisialta ar fud na tíre nó ina mhaoiniú sin.

Bunaíodh comhlacht ar a dtugtar an Grúpa Imréitigh Tograí Infheistíochta Thithíocht Shóisialta (nó an Grúpa Imréitigh) in 2015 le tograí a scrúdú agus a bhreithniú agus le bualadh leis na cuideachtaí, grúpaí agus institiúidí bainteacha. Bhí an Grúpa Imréitigh comhdhéanta d’ionadaithe mar seo a leanas ón:

  • Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil
  • Roinn Airgeadais
  • Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
  • nGníomhaireacht Tithíochta
  • gComhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta.

Rinne an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní an Cathaoirleach a shannadh ar bhonn sealadach ar iarratas ón Roinn.

Le linn a gcuid oibre, fuair an Grúpa Imréitigh 25 togra maoinithe do thithíocht shóisialta agus inacmhainne, ag úsáid meicníochtaí atá ann faoi láthair mar aon le cur chuigí nua.

Thuairisc an Grúpa Imréitigh chuig an Aire i mí na Samhna 2015. Ag leanúint óna gcuid oibre, táthar ag glacadh sraith gníomhartha d’fhonn infheistíocht phríobháideach i dtithíocht shóisialta a éascú ar shlí níos fearr. Déantar cur síos orthu sin thíos:


Leasuithe ar scéimeanna reatha le hinfheistíocht phríobháideach i dtithíocht shóisialta a éascú ar shlí níos fearr

Foráiltear faoi láthair leis an gClár Caiteachais Reatha ar Thithíocht Shóisialta a fheidhmítear tríd an Roinn do shlí lena bhféadfaidh Comhlachtaí Tithíochta Ceadaithe (AHBanna) réadmhaoin a thógáil nó a cheannach le maoiniú príobháideach. Déantar na haonaid sin a thógáil ar léas ansin trí Chomhlachtaí Tithíochta Ceadaithe agus Údaráis Áitiúla ar mhaithe le tithíocht shóisialta a chur ar fáil. Tá léas agus comhaontuithe dlíthiúla eile mar bhonn taca ag an scéim sin lena bhforáiltear go ndéanfaidh an Stát íocaíochtaí thar tréimhse ama fadtéarmach chomhaontaithe. Is ar feadh 20 bliain a mhaireann siad sin de ghnáth. Mar thoradh air sin, cuirtear na haonaid tithíochta ar fáil le haghaidh tithíocht shóisialta.

Tá athruithe don scéim á moladh anois le foráil a dhéanamh do shocruithe leasaithe lena leathnófar na meicníochtaí sin. Is chun mór-infheisteoirí príobháideacha institiúide a éascú le teacht isteach i margadh na tithíochta sóisalta atá sé sin le déanamh.


Cíos Inacmhainne

Fógraíodh treoirscéim maidir le cíos inacmhainne i mí Dheireadh Fómhair 2015 mar chuid de Bhuiséad 2016. Bhí sé mar chuid freisin de phacáiste beart a chomhaontaigh an Rialtas agus a leagadh síos i gcáipéis bheartais an Rialtais Stabilising Rents, Boosting Supply, a foilsíodh i mí na Samhna 2015.

Díríodh €10 milliún ar an scéim chíos inacmhainne in 2016. Is ceangaltas bliantúil leanúnach a bheidh ann le méadú fadtéarmach a áirithiú i soláthar tithíochta do chíos inacmhainne.

Oibríonn cíos inacmhainne ar an mbonn go n-íocfaidh tionóntaí formhór an chostais cíosa as a n-acmhainní féin agus go n-íocfaidh an Stát fóirdheontas leis an easnamh a íoc. Dhíreofaí an scéim tríd is tríd ar na daoine sin i bpoist ar phá íseal. Gheobhadh an soláthróir tithíochta fóirdheontas nó deonaíocht de chineál éigin ón Stát as cóiríocht chíosa thiomnaithe a sholáthar. Mar thoradh air sin, bheadh an cíos níos ísle ná leibhéal an mhargaidh - ag tuairim is 70% de luach an mhargaidh.

Is éard a bheard mar chuspóir foriomlán le clár cíosa inacmhainne ná cóiríocht chónaithe inacmhainne ar chur ar fáil le haghaidh líonta tí ar ioncam íseal go hioncam measartha.


Amlínte maidir leis na scéimeanna a leathadh amach

Tá an Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta ag feidhmiú mar chomhairleoir airgeadais maidir leis an obair sin. Beidh gá na scéimeanna nua agus na scéimeanna leasaithe a thiocfaidh chun cinn de bharr an phróisis seo a thástáil. Beidh gá leis sin lena chinntiú nach mbeidh aon tionchar diúltach i gceist leis an tslí a bhféachfar ná leis an tslí a gcaithfear leo i ndáil le hIarmhéid Ginearálta Rialtais an Stáit. Tá sé beartaithe go dtabharfaí na scéimeanna isteach sa mhargadh in 2016.