English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Líon na nÁras Cónaithe ar cuireadh Tús leo i nDeireadh Fómhair 2024

Tús curtha le 53,256 áras cónaithe sna chéad deich mí de 2024

Bhí tús curtha le tógáil 4,249 áras cónaithe i nDeireadh Fómhair 2024. Bhí tús curtha le tógáil 53,256 áras cónaithe sna chéad deich mí de 2024 (Eanáir - Deireadh Fómhair).

Sna 12 mhí roimhe sin (Samhain 2023 go Deireadh Fómhair 2024), cuireadh tús le tógáil 59,510 áras cónaithe.

As na hárais chónaithe go léir a raibh tús curtha lena dtógáil sna chéad deich mí de 2024 (Ean-D.Fómh.), bhí 37% den tógáil sin ar bun ag ceithre údarás áitiúla Bhaile Átha Cliath. De réir údarás áitiúil, is i gCathair Bhaile Átha Cliath (6,655) agus i bhFine Gall (5,368) agus i mBaile Átha Cliath Theas (4,469) atá an líon is mó árais chónaithe a bhfuil tús curtha lena dtógáil go dtí seo i mbliana. Is i Liatroim (91), i gCeatharlach (197) agus i Longfort (243) atá an líon is lú árais chónaithe a bhfuil tús curtha lena dtógáil.

Is féidir sonraí iomlána faoi líon na n-áras cónaithe ar cuireadh tús lena dtógáil, faoi fhógraí agus faoi theaghaisí aonuaire ar leibhéal náisiúnta agus ag údaráis áitiúla ó 2014 go Deireadh Fómhair 2024 a íoslódáil thíos.

October 2024 Monthly Commencements 2014-to-date
Full data on the number of homes commenced, notices and one-off dwellings on a national level and by local authority from 2014 to October 2024
Download link for Íoslódáil