Leideanna sábháilteachta dóiteáin don chistin
- Foilsithe: 28 Aibreán 2017
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Is í an chistin an seomra is mó a d’fhéadfadh a bheith guaiseach sa teach. Tá dromchlaí te, lasracha gan chosaint, go leor soláthairtí breosla, fearais leictreacha, a lán ábhar a d’fhéadfadh tú a dhó nó a scalladh, srl. sa chistin. Tá a lán ábhair sheachráin i gceist chomh maith .i. páistí, an teileafón, teilifísí/raidiónna, comharsana, innill níocháin, agus téann an liosta ar aghaidh is ar aghaidh!
Tá sé tábhachtach an méid seo a leanas a bheith agat;
- cleachtas “áite shábháilte”, chun ábhair sheachráin a sheachaint
- Pluid Dóiteáin agus Múchtóir Dóiteáin
- Fearas Garchabhrach lánscocáilte
Leideanna chun feabhas a chur ar shábháilteacht dóiteáin sa chistin
Páistí
- tarlaíonn formhór na dtimpistí dó agus scallta do pháistí sa chistin. Ná lig do pháistí dul isteach sa chistin choíche gan súil a choinneáil orthu
- coinnigh cipíní solais agus lastóirí in áit nach féidir le páistí teacht orthu
- tá sé níos sábháilte spréach-ghléasanna nó eilimintí téimh a úsáid chun fearais gháis a lasadh ná cipíní solais a fhágáil ina luí thart.
Cócaireáin
- coinnigh cócaireáin glan - is baol dóiteáin é má ligeann tú do ghréisc bailiú
- cas as an cócaireán nuair nach bhfuiltear á úsáid
- seiceáil go bhfuil an cócaireán curtha casta as sula dtéann tú a luí
- ná húsáid cócaireán choíche chun éadaí a thriomú
- glan nó athsholáthair scagairí ar fheananna eastarraingthe go rialta
- coinnigh lámha potaí tiontaithe isteach agus ná coinnigh thar na lasracha nó na fáinní iad
- ná lig do cáblaí leictreacha dul trasna cócaireáin choíche .i. citil leictreacha, tóstaeir srl
- bí cúramach le héadaí scaoilte agus tú ag síneadh trasna cócaireán, go háirithe le fáinní gáis
- ná croch tuáillí tae ar chócaireáin nó thar chócaireáin
- teastaíonn aer úr ó chócaireáin agus coirí gáis le hoibriú mar is ceart. Ná dún gaothairí srl choíche.
Panna Sceallóg/Domhainfhriochtóirí
- ná húsáid ach domhainfhriochtóirí saincheaptha, agus ná húsáid sáspain
- seachain/tabhair an-aire agus “pannaí sceallóg” á n-úsáid agat toisc go bhfuil siad ina mórghuais dóiteáin
- ná líon an panna sceallóg/domhainfhriochtóir níos mó ná aon trian lán le hola nó saill
- tástáil teocht na hola/saille trí phíosa beag aráin a chur isteach ann. Má brioscaíonn sé go héasca tá an ola/saill réidh
- má tá deatach ag teacht as an ola/saill tá sé ró-the. Cuir as an teas agus lig dó fuarú sula dtosaíonn tú arís
- ná bog panna sceallóg/domhainfhriochtóir te choíche
- ná fág panna sceallóg/domhainfhriochtóir leo féin choíche
- ná déan iarracht choíche sceallóga a dhéanamh nuair ata alcól ólta agat mar bíonn nós ag daoine dul a chodladh agus iad fanacht leis an ola/saill téamh. Cúis mhór le dóiteáin agus básanna é seo
- is féidir formhór na ndóiteán sin a chosc má úsáidtear domhainfhrioctóir teasrialaithe nó tosaigh ag úsáid sceallóga oighinn.
Fearais Leictreacha
- bíonn fearais leictreacha ina gcúis le líon dóiteáin bhaile gach bliain
- déan cinnte go ndéantar gach fearas leictreach a chothabháil mar is ceart agus go suiteálann duine cáilithe iad
- ná rólódáil soicéid leictreacha ar bith mar guais dóiteáin é sin
- déan teagmháil le leictreoir má tá cáblaí caite nó damáistithe nó athsholáthair an t-earra go díreach
- seachain iad a fhágáil ag oibriú thar oíche. Má tá sé beartaithe agat iad a fhágáil ag oibriú thar oíche mar sin ba chóir dóibh a bheith i seomra ar shiúl ón bpríomhbhealach éalaithe ag taobh doras druidte
- i gcás dóiteáin atá i bhfearas leictreach nó soicéad/sreangú, cuir as an chumhacht ag an príomhlasc aonraithe ach ná déan seo ach más féidir é a dhéanamh go sábháilte gan moill a chur ar an éalú.
National Directorate for Fire and Emergency Management
- Seoladh:
- Department of Housing, Local Government and Heritage, Rm. G59, Custom House, Dublin 1, D01 W6X0