English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Leideanna sábháilteachta dóiteáin don seomra leapa

Is áit é an seomra leapa ina mothaímid an-sábháilte ar fad. Nuair a bhímid inár gcodladh ní bhímid san airdeall ar chontúirt. Ciallaíonn sé sin nuair a théimid a luí ba chóir dúinn amhlaidh a dhéanamh agus fios againn go bhfuil gach rud is féidir linn a dhéanamh lena chinntiú go bhfuil ár dteach sábháilte déanta againn.


Leideanna chun feabhas a chur ar shábháilteacht dóiteáin sa seomra leapa

Ginearálta

  • ná caith tobac sa leaba choíche go háirithe má tá tú tuirseach nó má tá tú ag glacadh cógas
  • má chaitheann tú tobac sa seomra leapa folaigh an luaithreadán nuair a bheidh tú críochnaithe
  • déan cinnte go n-úsáidtear coinnle i gcoinnleoirí mar is ceart agus go gcuirtear ar dhromchla crua iad
  • ná húsáid coinnle choíche má tá an seans ann go dtitfidh tú i do chodladh
  • coinnigh coinnle ar shiúl ó chuirtíní, éadaí leapa, éadaí
  • ná húsáid coinnle choíche mar sholas oíche do pháistí. (Bain úsáid as príomhlíonra ísealvata nó solas ceallra)
  • ná cuir clúdach ar sholas choíche chun é a lagú, feistigh bolgán le vata níos ísle
  • cinntigh go bhfuil gach fearas leictreach nach dteastaíonn díphlugáilte sula dtiteann tú i do chodladh.
  • ná cuir téitheoir iniompartha gar do leaba choíche
  • bíodh tóirse ar fáil i do sheomra leapa i gcónaí le haghaidh éigeandálaí
  • bíodh fón tí nó fón póca ag taobh na leapa agat i gcónaí ar eagla go mbeadh éigeandáil ann
  • ná fág d’fhón póca ag luchtú choíche thar oíche nó nuair a théann tú amach.

Blaincéid Leictreacha

  • déan cinnte go bhfuil lipéad EN ar do bhlaincéad leictreach
  • déan cinnte go bhfuil cosantóir róthéimh air sa dóigh nach n-éireoidh an blaincéad róthé
  • seiceáil an blaincéad go rialta do chaitheamh is cuimilt go háirithe na seoláin leictreacha agus an phlocóid
  • ná húsáid blaincéad a bhfuil damáiste nó loirg ruadhó air choíche.
  • coinnigh na blaincéid tirim nuair a bheidh tú á stóráil don samhrah agus cuach suas iad chun fillteacha a sheachaint
  • má bhíonn blaincéad leictreach fliuch, triomaigh go hiomlán é sula n-úsáideann tú arís é
  • ceangail fobhlaincéid leictreacha leis an tocht chun fillteacha a sheachaint
  • cloí go docht le treoracha an déantóra
  • ná húsáid buidéil thé agus blaincéid leictreacha le chéile choíche
  • déan cinnte go bhfuil na seoláin leictreacha ar fad ag crochadh go héasca thar thaobh na leapa
  • díphlugáil an blaincéad sula dtéann tú isteach sa leaba mura bhfuil sé deartha lena úsáid thar oíche
  • déan cinnte nach n-úsáidtear fobhlaincéid leictreacha nó blaincéid bhairr leictreacha ach de réir threoracha an déantóra
  • má tá amhras ort faoi riocht do bhlaincéid leictrigh déan é a sheiceáil nó a athsholáthar.

National Directorate for Fire and Emergency Management

Seoladh:
Department of Housing, Local Government and Heritage, Rm. G59, Custom House, Dublin 1, D01 W6X0