Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Tascfhórsa um Dhaonlathas Áitiúil


Cúlra

Gealltar i gClár an Rialtais go ndéanfaí athchóiriú agus neartú ar rialtas áitiúil arb é “croílár ár ndaonlathais” é trína gcuirtear go leor de na seirbhísí riachtanacha a bhfuilimid go léir ag brath orthu ar fáil. Deirtear ann go dtionólfaidh an Rialtas ‘Tascfhórsa um Dhaonlathas Áitiúil’ leis an earnáil Rialtais Áitiúil chun clár a thabhairt chun críche chun an rialtas áitiúil a athchóiriú agus a neartú. Tá dul chun cinn á dhéanamh ar an obair thosaigh trí rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara.

Bunú an Tascfhórsa um Dhaonlathas Áitiúil

Ar an 4 Meitheamh 2025, cheadaigh an Rialtas go mbunófaí Tascfhórsa um Dhaonlathas Áitiúil trína gcuirfear clár chun críche chun rialtas áitiúil in Éirinn a athchóiriú agus a neartú. Is gealltanas lárnach i gClár an Rialtais é bunú an Tascfhórsa. Leagtar amach i dTéarmaí Tagartha an Tascfhórsa, arna gcomhaontú ag an Rialtas, clár oibre uaillmhianach agus mionsonraithe, a bhfuiltear ag súil go mbeidh sraith athchóirithe san earnáil rialtais áitiúil mar thoradh air.

Agus a chuid oibre á déanamh aige, tabharfaidh an Tascfhórsa aird ar an obair shuntasach atá déanta cheana féin chun scrúdú a dhéanamh ar chumhachtaí, feidhmeanna agus freagrachtaí an Rialtais Áitiúil sna tuarascálacha seo a leanas:


Agus cur chuige atá bunaithe ar fhianaise á ghlacadh aige, scrúdóidh an Tascfhórsa na ceithre thuarascáil, agus déanfaidh sé moltaí, lena n-áirítear aon leasuithe reachtaíochta, bunaithe orthu. Beidh fócas lárnach ag an Tascfhórsa ar ról an Rialtais Áitiúil maidir le tacaíocht a thabhairt do chur chun feidhme bheartas an Rialtais, agus déanfar na moltaí a thiocfaidh chun cinn a cheapadh chun a chinntiú go bhfuil siad oiriúnach lena gcur chun feidhme.

Clár Oibre an Tascfhórsa

Eagrófar obair an Tascfhórsa i gceithre phríomhcholún: Struchtúr, Airgeadas, Feidhmeanna agus Rialachas/Cuntasacht, agus breithneofar cumhachtaí na gComhairleoirí faoi gach colún.

Breithneoidh an Tascfhórsa prionsabal na coimhdeachta, agus scrúdóidh sé an fhéidearthacht go ndéanfaí níos mó cumhachtaí cinnteoireachta a chineachadh chuig Comhairleoirí. Scrúdóidh an Tascfhórsa freisin conas creat agus cumhachtaí na gCeantar Bardasach agus na gCoistí Ceantair a neartú.

Maidir le maoiniú, breithneoidh an Tascfhórsa ar ionchur agus smacht níos mó a thabhairt do chomhairleoirí maidir le forbairt agus cur chun feidhme bhuiséad an údaráis áitiúil agus sásraí chun neamhspleáchas fioscach a fheabhsú.

Maidir le rialachas agus cuntasacht, scrúdóidh an Tascfhórsa athchothromú cumhachta idir comhairleoirí tofa agus an feidhmeannas, chun a chinntiú go bhfuil sé de cheart ag oifigigh thofa go rachfaí i gcomhairle leo maidir le raon níos leithne cinntí. Breithneoidh sé freisin sásraí chun cuntasacht an Phríomh-Fheidhmeannaigh agus na Stiúrthóirí Seirbhísí do chomhairleoirí as cinntí feidhmiúcháin a mhéadú.

Ballraíocht an Tascfhórsa

Beidh an Tascfhórsa faoi chathaoirleacht an Uasail Jim Breslin a chaith 30 bliain i seirbhís phoiblí shinsearach na hÉireann. Bhí sé ina Ard-Rúnaí ar an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige (2011–2014), ar an Roinn Sláinte (2014–2020), agus ar an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta (2020–2023). Is stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin é ar Chomhlacht Maoirseachta Seachtrach Óglaigh na hÉireann agus ar Ghrúpa Cúraim Sláinte Naomh Uinseann, agus is Cathaoirleach é ar Fhuinneamh In-Athnuaite Éireann, comhpháirtíocht de phríomhchomhlachais fuinnimh inbhuanaithe na tíre. Reáchtálann sé an clár um Rialachas Corparáideach sa Chleachtas d’Institiúid na Stiúrthóirí. Tá Máistreacht sa Riarachán Poiblí aige ó Scoil Harvard Kennedy, Teastas sa Ghnó agus san Athrú Aeráide ó Ollscoil Cambridge, agus Dioplóma i Stiúradh Cuideachtaí ó Institiúid na Stiúrthóirí. Bhí sé ina Chomhalta Ceannaire Beartais ag an Ionad um Eolaíocht agus Beartas, Ollscoil Cambridge freisin.

Is iad seo a leanas Baill an Tascfhórsa um Dhaonlathas Áitiúil:

  • An tUasal Jim Breslin, Cathaoirleach an Tascfhórsa
  • An Comhairleoir Kieran O’Hanlon, (Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh) (Uachtarán CRÁÉ)
  • An Comhairleoir Jimmy McClearn, (Comhairle Chontae na Gaillimhe) (Leas - Uachtarán CRÁÉ)
  • An Comhairleoir Anne Colgan, (CRÁÉ) (Comhairle Contae Dhún Laoghaire Ráth an Dúin)
  • An Comhairleoir Damien Ryan (Cathaoirleach CCÚÁ) (Comhairle Contae Mhaigh Eo)
  • An Comhairleoir Brian Lawlor (Ard-Rúnaí CCÚÁ) (Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas)
  • Niamh Larkin Uasal / An tUasal Daragh McMahon, Seirbhís Iniúchóireachta an Rialtais Áitiúil
  • Fiona Quinn Uasal, Rúnaí Cúnta, An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
  • An tUasal Michael McCarthy, Cathaoirleach an Choimisiúin Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta (CNMI)
  • An tUasal Paddy Mahon, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Chontae an Longfoirt, (Cumann Bainistíochta Contae agus Cathrach)
  • AnnMarie Farrelly Uasal, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Contae Fhine Gall, (Cumann Bainistíochta Contae agus Cathrach)
  • Pauline Mulligan Uasal, Príomhfheidhmeannach, GBRÁ
  • An Dr Bríd Quinn, ionadaí na hÉireann ar Ghrúpa Saineolaithe Neamhspleácha CLRAE Chomhairle na hEorpa agus iar-Roinn na Polaitíochta & an Riaracháin Phoiblí in Ollscoil Luimnigh
  • An Dr Philip Byrne, iar-Institiúid Riaracháin Phoiblí, Cathaoirleach Chomhairle Contae Chorcaí agus Coistí Iniúchóireachta Chomhairle Contae Chill Mhantáin

Reáchtáil an Tascfhórsa a chéad chruinniú ar an 26 Meitheamh 2025, agus táthar ag súil go gcuirfear moltaí ar fáil don Aire Rialtais Áitiúil agus Pleanála faoi cheann 6-9 mí.

Comhairliúchán le Páirtithe Leasmhara

Deirtear i dTéarmaí Tagartha an Tascfhórsa:

Beidh rannpháirtíocht leathan na bpáirtithe leasmhara lárnach i dtaca le moltaí an Tascfhórsa a fhorbairt, agus beidh príomheagraíochtaí agus príomhchomhlachtaí, ionadaithe fostóirí agus fostaithe, grúpaí pobail agus deonacha, agus saineolaithe san áireamh, faoi rogha an Tascfhórsa.”

Is é cuspóir an phróisis chomhairliúcháin tuairimí na bpáirtithe leasmhara tábhachtacha a lorg agus dearcthaí éagsúla agus faisnéis a bhailiú chun eolas a chur ar fáil d’obair an Tascfhórsa agus d’aon mholtaí a thagann chun cinn agus a chinntiú go bhfuil na beartais lán eolais, éifeachtach agus go léiríonn siad riachtanais na ndaoine a mbeidh tionchar acu orthu.

Tá an plean comhairliúcháin, liosta na gcomhairlithe, an dréachtlitir chuig comhairlithe, agus liosta cheisteanna na bpáirtithe leasmhara ar fáil anseo:

Local Democracy Taskforce - Targeted Stakeholder Consultation Process_GAE

Appendix A - List of Stakeholder Consultees_GAE

Appendix B - Stakeholder Consultation Letter_GAE

Appendix C - List of Stakeholder Questions_GAE

Sonraí Teagmhála

Le haghaidh fiosrúcháin ghinearálta maidir le hobair an Tascfhórsa, déan teagmháil le localgovernmenttaskforce@housing.gov.ie.

An Nuacht is déanaí

Local Democracy Taskforce Final Terms of Reference
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat