Meitheal chun Lochtanna sa Tithíocht a Scrúdú
- Foilsithe: 28 Iúil 2022
- An t-eolas is déanaí: 28 Iúil 2022
Sa Chlár don Rialtas leagtar roinnt gealltanas amach maidir leis an réimse tábhachtach beartais a thugann aghaidh ar lochtanna tógála. Tá sé tiomanta do scrúdú a dhéanamh ar lochtanna tithíochta, ag féachaint do mholtaí thuarascáil Chomhchoiste an Oireachtais um Thithíocht, Safe as Houses? Athdhearbhaítear an tiomantas seo i dTithíocht do Chách, plean náisiúnta an Rialtais maidir le tithíocht, don tréimhse suas go dtí 2030.
Sa chomhthéacs seo, bhunaigh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien, TD, Meitheal chun Lochtanna sa Tithíocht a Scrúdú.