Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Oidhreacht Éireann 2030

Is é Oidhreacht Éireann 2030 plean oidhreachta nua náisiúnta na hÉireann. Tá sé bunaithe ar fhís dár n-oidhreacht – ina foirmeacha uile – mar gheall go bhfuil sí i gceartlár an phlé áitiúil agus náisiúnta, go léiríonn gach duine luach uirthi agus go dtugtar aire di agus go gcosnaítear í don ghlúin amach anseo.

Tá trí théama i gceartlár an chreata seo: pobail, ceannaireacht agus comhpháirtíochtaí. Léirítear sna téamaí seo an tábhacht a bhaineann le comhoibriú leanúnach idir an rialtas agus pobail, eagraíochtaí oidhreachta, daoine aonair agus údaráis áitiúla i dtaobh aire a thabhairt agus pleanáil a dhéanamh dár n-oidhreacht chomhroinnte.

Molann Oidhreacht Éireann 2030 sraith struchtúr faoinar féidir leis na páirtithe leasmhara uile seo teacht le chéile le cosaint oidhreacht na hÉireann a chur chun cinn trí bhreis agus 150 gníomh. Bunófar na struchtúir seo i Ráithe 1 agus Ráithe 2022 in 2022 sula bhfoilseofar plean um chur i bhfeidhm i Ráithe 3 a shannfaidh gníomhartha agus amfhrámaí do pháirtithe leasmhara freagracha.

Roinnfear nuashonruithe ar an bpróiseas seo anseo agus trí chainéil mheán sóisialta na Roinne. Is féidir ceisteanna faoin bplean a sheoladh chuig heritageireland2030@housing.gov.ie

Doiciméid

Oidhreacht Éireann 2030
Foilsíodh an plean oidhreachta náisiúnta i bhFeabhra 2022.
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat