English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Oidhreacht Thógtha

Is iad príomhréimsí freagrachta na Rannóige Polasaí Oidhreachta Tógtha beartais agus reachtaíocht a fhorbairt, a chur chun cinn agus a chur i bhfeidhm chun oidhreacht ailtireachta a chosaint agus an cleachtas is fearr a chur chun cinn san ailtireacht nua-aimseartha agus i ndearadh uirbeach.

Is iad na príomhchuspóirí ná:

  • creat beartais, reachtaíochta agus riaracháin a sholáthar chun oidhreacht ailtireachta a chosaint mar acmhainn náisiúnta
  • feasacht agus meas méadaithe an phobail ar ailtireacht agus ar ár n-oidhreacht thógtha náisiúnta a chur chun cinn
  • bainistíocht inbhuanaithe ár n-acmhainní oidhreachta tógtha a chinntiú.

Is éard atá i gceist le hobair na Rannóige:


Tacaíocht Cumarsáide agus Taighde

Ó am go chéile, bíonn maoiniú ar fáil chun tacú le heagraíochtaí neamhbhrabúis atá ag tabhairt faoi thionscadail a bhfuil sé mar aidhm acu tuiscint agus feasacht an phobail ar ár n-oidhreacht thógtha a fheabhsú.

Chun moladh tacaíochta den chineál seo a chur isteach, seol achoimre an tionscadail nach faide ná trí leathanach le do thoil le ríomhphost chuig builtheritage@housing.gov.ie

Ba cheart don achoimre tionscadail seo:

  • tabhair breac-chuntas ar an eagraíocht, lena n-áirítear samplaí d’obair den chineál seo a rinneadh roimhe seo
  • déan cur síos ar na gníomhaíochtaí atá le déanamh
  • tabhair breac-chuntas ar aidhmeanna na hoibre
  • mínigh conas a chuirfidh an tionscadal le cuspóirí beartais an rialtais a bhaineann leis an oidhreacht thógtha agus
  • miondealaigh costais ionchasacha an tionscadal.

Déanfaidh an roinn a dícheall freagra a thabhairt laistigh de ceithre seachtaine ó mholadh tionscadail a fháil.

Teileafón: +353 (0) 1 888 2465

Ríomhphost: BuiltHeritage@housing.gov.ie