Oifigigh Insroichte
- Foilsithe: 21 Nollaig 2020
- An t-eolas is déanaí: 12 Feabhra 2024
- An tAcht um Míchumais 2005
- Oifigigh Insroichte faoin Acht um Míchumais 2005
- Iarraidh ar Fhoilseachán Inrochtana
- Oifigeach Fiosraithe faoin Acht um Míchumais 2005
- Tuilleadh Eolais
An tAcht um Míchumais 2005
Is í an aidhm atá againn a chinntiú go gcomhlíontar riachtanais ár gcustaiméirí go léir, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, agus go seastar le cearta ar chaitheamh cothrom i na seirbhísí a sholáthraímid).
Foráiltear san Acht um Míchumas 2005 bonn dlíthiúil ionas go mbíonn seirbhísí poiblí inrochtana. Cuireann altanna 25, 26, 27 agus 28 dualgais ar bhoird phoiblí a n-oifigí poiblí, seirbhísí agus eolas a chur ar fáil do hinsroichte do dhaoine le míchumas.
Oifigigh Insroichte faoin Acht um Míchumais 2005
Cheapamar Oifigigh Rochtana de réir Alt 26(2) den Acht um Míchumas 2005.
Tá de chúram ar na hOifigigh Insroichte tacaíocht agus treoir a sholáthar nó a chur in eagar agus a chomhordanú do dhaoine le míchumas atá ag baint leas as na seirbhísí a chuireann na hoifigigh sin ar fáil. Féadfaidh siad feidhmiú freisin mar phointe teagmhála dóibh siúd atá faoi mhíchumas atá ag iarraidh rochtain a fháil ar a leithéid de sheirbhísí.
Is iad seo a leanas na sonraí teagmhála:
Rochtain Fhisiciúil ar oifigí arna mbainistiú ag an roinn (m.sh. Teach an Chustaim):
Physical Access Officer: Colin Flood
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
(+353) (0)1 888 2025
Maidir le saincheisteanna inrochtaineachta gréasáin, nuair nach féidir leat rochtain iomlán a fháil ar an bhfaisnéis a fhoilsítear ar an láithreán gréasáin seo déan teagmháil le:
ICT Access Officer: John Joe Healy
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
+353 (0)1 888 2521
Rochtain Foilsitheoireachta (mar shampla: bileoga, tuarascálacha a d’fhoilsigh an roinn)
Publishing Access Officer: John McGee
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
+353 (0)1 888 2058
Iarraidh ar Fhoilseachán Inrochtana
Oifigeach Fiosraithe faoin Acht um Míchumais 2005
Cheapamar Oifigeach Fiosrúchán le gearáin a rinneadh faoi Alt 38 den Acht um Míchumas a scrúdú.
Féadfaidh tú gearán a dhéanamh leis an Oifigeach Fiosrúchán mura bhfuil Ailt 25, 26, 27 nó 28 den Acht um Míchumas 2005 comhlíonta againn.
Is féidir gearán a dhéanamh go pearsanta, i scríbhinn, ar an bhfón, trí fhacs, trí ríomhphost nó le cúntóir.
Déanfaidh an tOifigeach Fiosrúchán mionscrúduithe go príobháideach, agus déanfaidh siad tuairisc ina dtabharfar le fios cibé acu:
- an bhfuil bonn le do ghearán,
- ar theip nó nár theip orainn i ndáil le do ghearán
San áit ar tharla faillí, leagfaidh sí amach na céimeanna a thógfar chun a chinntiú go mbeidh comhlíonadh ann amach anseo. Cuirfear an tuairisc seo ar fáil dár nArd-Rúnaí agus don duine a rinne an gearán.
Oifigeach Fiosraithe- Sonraí Teagmhála
Is iad seo a leanas sonraí teagmhála an Oifigigh Fhiosrúchán:-
Gareth London
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
(+353) (0)1 888 2904
Tuilleadh Eolais
Tithíocht do Dhaoine faoi Mhíchumas
Baineann ról na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta le creat naisiúnta polasaí, reachtaíochta agus cistithe a sholáthar chun taca a chur faoi ról na n-údarás áitiúil agus iad ag déileáil leis an tithíocht ag an leibhéal áitiúil.
Is ag na húdaráis áitiúil aonair atá an fhreagracht reachtúil maidir le tithíocht agus na seirbhísí ábhartha a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le d'údarás áitiúil.
Deontais Tithíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas
Is deontais iad na Scéimeanna Deontais um Oiriúnú Tithe le haghaidh úinéirí tí príobháideacha, atá dírithe ar na hathruithe a bhaint amach atá riachtanach chun tithe a chur in oiriúint do dhaoine a bhfuil míchumas fisiciúil, céadfach nó intleachtúil orthu nó deacracht le meabhairshláinte, chun go gcuirfí ar chumas dhaoine aosta agus dhaoine faoi mhíchumas cónaí go neamhspleách ina dtithe féin ar feadh tamaill níos faide agus freisin chun a chumasú go bhfillfidh siad ar a dtithe féin níos luaithe, tar éis dóibh a bheith san ospidéal.
Is iad seo a leanas na trí chineál deontais ar leith atá ann:
- Soláthraíonn an Deontas um Oiriúnú Tithe do Dhaoine faoi Mhíchumas suas le €30,00 chun cuidiú le daoine faoi mhíchumas chun go ndéanfaí na hoibreacha oiriúnaithe, deisithe nó feabhsúcháin
- Soláthraíonn an Cúnamh Tithíochta do Dhaoine Breacaosta deontais suas le €8,000 chun cuidiú le daoine breacaosta atá ina gcónaí i ndálaí tithíochta atá go dona, chun go ndéanfaí na deisiúcháin nó na feabhsúcháin chuí
- Tá Scéim Deontais na nÁiseanna Soghluaisteachta ar fáil chun deontais de suas le €6,000 a mhearsheoladh chun go gclúdófaí oibreacha bunúsacha a rachaidh i ngleic le fadhbanna gluaiseachta de bhall teaghlaigh
Déanann na húdaráis áitiúla na scéimeanna a bhainistiú go háitiúil thar ceann na roinne. Mar sin, ba chóir aon cheist mar gheall ar iarratas a dhéanamh agus inchailitheacht a chur chuig an rannóg tithíochta i d’údarás áitiúil.
Tá tuilleadh eolais ar Dheontais Tithíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas le fáil ag:
- +353 (0) 96 24310
- +353 (0) 96 24390
Rialú Tógála
Is teastas é an Teastas Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas atá bronnta ag údarás rialú tógála, a dheimhníonn go gcomhlíonann foirgnimh nach foirgnimh tís iad agus bloic árasáin, ag an gcéim deartha, riachtanais Chuid M den Dara Sceideal do na Rialacháin Tógála 1997 go dtí 2014. Is féidir Teastais Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas a fháil ó na húdaráis rialú tógála go háitiúil (i.e. na húdaráis áitiúla).
Sonraí teagmhala d’Oifigigh Rialú Tógála i ngach Údarás Áitiúil
Tuilleadh eolais ar Theastais Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas le fáil anseo:
- +353 (0) 1 888 2466
- +353 (0) 1 888 2386 or
- Ríomhphost: buildingstandards@housing.gov.ie