English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

OPR Alt 31AN(4) Moladh don Aire – Plean Forbartha Chontae Dhún na nGall 2024-2030

An 2 Meán Fómhair 2024, fuair an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta moladh ó Oifig an Rialálaí Pleanála de bhun alt 31AN(4) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (‘an tAcht’), lena moltar, ar chúiseanna sonraithe, go n-eiseodh an tAire Ordachán chuig Comhairle Contae Dhún na nGall faoi alt 31 den Acht i ndáil le Plean Forbartha Chontae Dhún na nGall 2024-2030.

Moltar san Ordachán molta go n-ordódh an tAire do Chomhairle Contae Dhún na nGall 22 bheart shonraithe a dhéanamh i ndáil leis an bPlean Forbartha ar 10 gcúis shonraithe.

Tugtar fógra leis seo:

  • agus aird á tabhairt ar chineál agus líon na leasuithe a mholtar lena n-ordú, go gceanglófaí athrú ábhartha a dhéanamh ar Phlean Forbartha Chontae Dhún na nGall 2024-2030 mar gheall ar thabhairt an Ordacháin don údarás pleanála;
  • go mbeidh an bhreith ón Aire faoi alt 31AN(4A) den Acht faoi réir alt 31AN(16).

Is féidir amharc ar an Ordachán molta faoi alt 31AN(4) den Acht ar shuíomh gréasáin na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta thíos:

Notice letter s31AN(4) County Donegal DP 2024-2030 FD-035-22 - 2024.09.02
Amharc amharc
OPR proposed Direction County Donegal DP 2024-2030 FD-035-22 - 2024.09.02
Amharc amharc
Notice Pursuant to Section 31AN(16)(a) of the Planning and Development Act, 2000 (as amended)
Amharc amharc