OPR Alt 31AN(4) Moladh don Aire – Plean Forbartha Contae Shligigh 2024-2030
- Foilsithe: 20 Feabhra 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
An 31 Eanáir 2025, fuair an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta moladh ó Oifig an Rialálaí Pleanála de bhun alt 31AN(4) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (‘an tAcht’), lena moltar, ar chúiseanna sonraithe, go n-eiseodh an tAire Ordachán chuig Comhairle Contae Shligigh faoi alt 31 den Acht i ndáil le Plean Forbartha Contae Shligigh 2024-2030.
Moltar san Ordachán molta go n-ordódh an tAire do Chomhairle Contae Shligigh 22 bheart shonraithe a dhéanamh i ndáil leis an bPlean Forbartha ar 10 gcúis shonraithe.
Tugtar fógra leis seo:
- agus aird á tabhairt ar chineál agus líon na leasuithe a mholtar lena n-ordú, go gceanglófaí athrú ábhartha a dhéanamh ar Phlean Forbartha Contae Shligigh 2024-2030 mar gheall ar thabhairt an Ordacháin don údarás pleanála;
- go mbeidh an bhreith ón Aire faoi alt 31AN(4A) den Acht faoi réir alt 31AN(16).
Is féidir amharc ar an Ordachán molta faoi alt 31AN(4) den Acht ar shuíomh gréasáin na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta thíos: