Ciste Infheistíochta Straitéisí Píolótach san Oidhreacht Dhomhanda 2025
- Foilsithe: 26 Meitheamh 2025
- An t-eolas is déanaí: 26 Meitheamh 2025
- Ciste Infheistíochta Straitéisí Píolótach san Oidhreacht Dhomhanda 2025
- Bunaidhmeanna an Chiste
- Sruthanna
- Tionscadail Incháilithe
- Conas Iarratas a Dhéanamh
- Documents
Ciste Infheistíochta Straitéisí Píolótach san Oidhreacht Dhomhanda 2025
Ciste Infheistíochta Straitéisí Píolótach san Oidhreacht Dhomhanda 2025
Tá Ciste Infheistíochta Straitéisí Píolótach san Oidhreacht Dhomhanda á thriail in 2025 chun infheistíocht a sholáthar d’Oidhreacht Dhomhanda in Éirinn.
Tá maoiniú á chur ar fáil d’údaráis áitiúla agus d’úinéirí príobháideacha chun Oidhreacht Dhomhanda in Éirinn a chaomhnú, a chothabháil, a chosaint agus a chur chun cinn. Beidh €300,000 san iomlán ar fáil go náisiúnta faoin scéim phíolótach in 2025. Tá sé mar aidhm ag an scéim phíolótach seo cabhrú le húinéirí agus le caomhnóirí i Maoin Oidhreachta Domhanda EOECNA nó i Láithreán ar an Liosta Sealadach chun tréithe (agus tréithe féideartha) de Shárluach Uilíoch (SU) a fheabhsú, a chosaint agus a chaomhnú. An rud atá i gceist le SU ná tábhacht nádúrtha nó chultúrtha láithreáin atá chomh heisceachtúil sin gur fiú é a aithint mar chuid d’oidhreacht choiteann an chine dhaonna.
Féadfar maoiniú a sholáthar do na cineálacha struchtúr seo a leanas:
- Séadchomharthaí: gné ailtireachta nó sheandálaíochta, a chuireann le SU nó atá ina dtréithe de ó thaobh na staire, na healaíne nó na heolaíochta de;
- Foirgnimh: foirgnimh scartha nó cheangailte, a chuireann le SU nó atá ina dtréithe de ó thaobh na staire, na hailtireachta nó na heolaíochta mar gheall ar a n-ailtireacht, a n-aonchineálacht nó a suíomh sa tírdhreach;
- Saothair an chine dhaonna nó saothair de chuid an nádúir agus an duine araon, agus limistéir san áireamh ina bhfuil láithreáin seandálaíochta/ tírdhreacha deartha, a chuireann le SU nó atá ina dtréithe de ó thaobh na staire, na haeistéitice, na heitneolaíochta nó na hantraipeolaíochta.
Bunaidhmeanna an Chiste
Tá maoiniú á chur ar fáil chun:
- Léirmhíniú agus léiriú struchtúr a fheabhsú (lena n-áirítear léirmhíniú agus léiriú fíorúil agus ar líne);
- Rochtain ar struchtúir a fheabhsú;
- Oibreacha caomhnaithe a chumasú ar struchtúir a bhfuil tacaíocht phráinneach ag teastáil uathu, lena n-áirítear athléimneacht a chothú chun seasamh in aghaidh éifeachtaí an athraithe aeráide; agus,
- Cosaint struchtúr a fheabhsú.
Sruthanna
Tá dhá Shruth ag an gCiste Infheistíochta Straitéisí san Oidhreacht Dhomhanda:
Sruth A
Cuirfidh Sruth A maoiniú suas le €25,000 ar fáil chun bonneagar rochtana, tionscadail léirmhínithe agus léiriú struchtúr a fheabhsú (lena n-áirítear go fíorúil agus/nó ar líne).
Sruth B
Cuirfidh Sruth B maoiniú suas le €100,000 ar fáil chun struchtúir a chosaint agus a chaomhnú, lena n-áirítear deisiúcháin riachtanacha, comhairle faoi chaomhnú, ullmhú Plean Bainistíochta Caomhantais agus sonraíochtaí mionsonraithe oibreacha.
Is féidir le hÚdaráis Áitiúla suas le 3 iarratas a chur isteach in aghaidh gach Maoine Oidhreachta Domhanda nó Láithreáin atá liostaithe ar an Liosta Sealadach.
Tionscadail Incháilithe
Chun a bheith incháilithe chun iarratas a dhéanamh, ní mór do struchtúir a bheith:
- ar áireamh i dTaifead na Séadchomharthaí agus Áiteanna (TSA) faoi Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 (arna leasú); nó
- aitheanta i dTaifead Láithreán agus Séadchomharthaí (TLS); nó
- ar áireamh i dTaifead ar Dhéanmhais Chosanta.(TDC) de chuid gach Údaráis Áitiúil; nó
- atá incháilithe don TDC ach nach bhfuil faomhadh foirmiúil faighte acu go fóill le go gcuirfear san áireamh iad; nó,
- laistigh de Limistéir Caomhantais Ailtireachta (LCA)
Ina theannta sin, beidh ar struchtúir incháilithe ceann amháin nó an ceann eile den dá choinníoll cháilitheacha seo a leanas a chomhlíonadh:
- tá siad ar áireamh laistigh de theorainneacha beartaithe láithreáin atá liostaithe ar an Liosta Sealadach mar thréithe féideartha de Shárluach Uilíoch;
- tá siad ar áireamh laistigh de theorainneacha Maoine Oidhreachta Domhanda na hÉireann mar thréithe de Shárluach Uilíoch.
Tá struchtúir i gcrios maolánach beartaithe nó iarbhír timpeall ar Mhaoin Oidhreachta Domhanda nó atá liostaithe ar an Liosta Sealadach a mheastar a bheith ag cosaint an tSárluacha Uilíoch nó ag cur leis incháilithe chun iarratas a dhéanamh freisin.
Níl struchtúir atá faoi úinéireacht/choimeád an Aire nó faoi úinéireacht/choimeád Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP san áireamh sa scéim.
Conas Iarratas a Dhéanamh
Féach ar an méid seo a leanas le haghaidh tuilleadh eolais
- Lámhleabhar Ciorclach Chiste Infheistíochta Straitéisí san Oidhreacht Dhomhanda
- Foirm Iarratais
- Foirm Mheasúnaithe
- Foirm Aisghabhála
- Foirm Coinbhleachta Leasa