Plean Bainistíochta Abhantraí 2022 – 2027 – Clár na mBearta um chosaint agus um athshlánú ár n-uiscí
- Foilsithe: 4 Meán Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 5 Meán Fómhair 2024
Forbhreathnú
Is é príomhphíosa reachtaíochta an AE lena ndéileáiltear le cáilíocht uisce ná an Treoir Réime maidir le hUisce (TRU). Leagtar amach ann ceanglais mhionsonraithe maidir le bainistiú cáilíochta uisce agus maidir le cosaint timpeallachtaí uisce nádúrtha. Ceanglaítear ar bhallstáit leis bearta a chur chun feidhme lena gcosnófar agus, nuair is gá, lena n-athshlánófar gach dobharlach go stádas maith laistigh de thréimhsí ama arna bhforordú. Ní mór go leagfar amach sa Phlean Bainistíochta Abhantraí 2022 – 2027 cláir bheart a chuirfear chun feidhme chun feabhsuithe ar cháilíocht uisce a bhaint amach.
Clár na mBeart
Tá gá le bearta bainistíochta chun dobharlaigh nádúrtha a chosaint agus a athshlánú, lena n-áirítear cur chun feidhme na haon Treoir reatha déag ón AE amhail an Treoir maidir le Níotráití agus an Treoir maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh.
Tugadh isteach freisin leis an Treoir Réime maidir le hUisce bearta éigeantacha nua, lena n-áirítear:
- rialú ar astarraingtí uisce
- rialú ar athruithe a dhéantar ar uiscí nádúrtha
- cosaint dobharcheantair leochaileacha óna bhfaightear uisce óil.
I dteannta na mbeart éigeantach thuasluaite áirítear chomh maith roinnt ‘bearta forlíontacha’ chun feabhsuithe ar cháilíocht uisce a spreagadh:
- rialachas agus struchtúir chuir chun feidhme arna bhfeabhsú
- próisis mhonatóireachta agus tuairiscithe
- pleananna um bainistíocht dobharcheantar comhtháite
- fóram dobharcheantair
Áiríodh leis na bearta forlíontacha freisin tuilleadh taighde agus forbairt theicniúil chun cur lenár n-eolas ar bhrúnna comhshaoil ar uisce agus conas aghaidh a thabhairt orthu go héifeachtach.
Cuirtear san áireamh na bearta breise agus feabhsaithe arna nglacadh sa phlean seo;
- ardleibhéal uaillmhéine comhshaoil a bhfuil gealltanas tugtha ina leith sa Chlár don Rialtas
- spriocanna cainníochtúla chun na bearta a chur i bhfeidhm
- na torthaí nuashonraithe tréithrithe / measúnaithe riosca
- ceachtanna ó chur chun feidhme na mbeart go dtí seo
- aiseolas ó réimse leathan geallsealbhóirí, lena n-áirítear aiseolas le linn an chomhairliúcháin phoiblí.
- an fhianaise eolaíoch chun críche ‘an beart cuí san áit chuí’ a chur i bhfeidhm
- an sprioc maidir le oibiachtaí beartais chomhtháite iolracha a sholáthar don uisce, don bhithéagsúlacht agus don aeráid, nuair is féidir.
- na riachtanais struchtúracha rialachais agus cur chun feidhme atá ag teacht chun cinn don chéad timthriall eile
- an gá atá le forfheidhmiú agus comhlíonadh comhshaoil a mhéadú
- deiseanna chun naisc a neartú idir an TRU agus próisis rialála eile
- an gá atá le réimis bainistíochta níos cuimsithí, níos stóinsithe agus níos cuíchóirithe a chur in ionad réimis rialála atá as dáta.
An Beart Ceart a chur san Áit Cheart
Tá tábhacht ar leith ag baint leis an bpróiseas tréithrithe, atá á threorú ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) agus atá á thacú ag réimse leathan páirtithe leasmhara, chun cineálacha agus láithreacha na rioscaí agus na dtionchar ar uiscí. Ciallaíonn an dul chun cinn teicniúil a rinneadh le déanaí gur féidir réimeas bainistíochta níos cuimsithí, níos láidre agus níos cuíchóirithe a dhearadh agus a chur i bhfeidhm anois. Tá dearcadh níos soiléire againn ar na bearta maolaithe atá ag teastáil agus ar na háiteanna ar gá na bearta sin a chur i bhfeidhm go háitiúil chun stádas uiscí nádúrtha a fheabhsú, i bhfocail eile, ‘an beart cuí a chur san áit chuí’.
Léiríonn na bearta nua agus feabhsaithe atá molta sa phlean seo na bearta breise a mheastar a bheith riachtanach chun cuspóirí an TRU a sholáthar go hiomlán agus tabhairt do thosaíochtaí comhshaoil eile, bithéagsúlacht agus maolú agus oiriúnú aeráide san áireamh (féach thíos le haghaidh liosta iomlán na mbeart).