English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Plean Bainistíochta Abhantrach 2018-2021


D’fhoilsigh an Rialtas an Plean Bainistíochta Abhantrach d’Éirinn 2018-2021. Leagtar amach sa Phlean na bearta a dhéanfaidh Éire chun feabhas a chur ar cháilíocht an uisce agus stádas éiceolaíoch ‘maith’ a bhaint amach i ndobharlaigh (aibhneacha, lochanna, inbhir agus uiscí cósta) faoi 2027. Tá sé ceangailte ar Éirinn plean bainistíochta abhantrach a sholáthar faoin gCreat-treoir Uisce.

Tá cáilíocht an uisce in Éirinn ag meath le fiche bliain anuas. Soláthraítear creat níos comhordaithe sa Phlean maidir le feabhas a chur ar cháilíocht ár n-uiscí – chun an tsláinte phoiblí, an comhshaol, fóntais uisce a chosaint agus chun tionscail atá dian ar uisce a choimeád, lena n-áirítear an tionscal agraibhia agus an tionscal turasóireachta, go háirithe i gceantair thuaithe na hÉireann.


Cad atá sa Phlean?

Déantar breac-chuntas sa Phlean Bainistíochta Abhantrach ar an gcur chuige úr a ghlacfaidh Éire chun ár n-uiscí a chosaint thar an tréimhse go dtí 2021. Baintear leas ann as ceachtanna a foghlaimíodh sa chéad timthriall pleanála i líon réimsí:

  • cuireadh struchtúir níos láidre agus níos éifeachtaí i bhfeidhm chun na bunsraitheanna agus an móiminteam a fhorbairt le haghaidh feabhsuithe fadtéarmacha ar cháilíocht an uisce.
  • struchtúr rialachais úr, lena dtugtar le chéile gníomhairí beartais, teicniúla agus cur chun feidhme mar aon le heagraíochtaí poiblí agus ionadaíocha. Leis sin cinnteofar seachadadh éifeachtach agus comhordaithe beart.
  • cuideoidh Oifig Uiscí agus Pobal na nÚdarás Áitiúil atá nuabhunaithe le daoine bheith rannpháirteach i bhfeabhas a chur ar cháilíocht an uisce ar an leibhéal áitiúil. Fóram is ea an Fóram Uisce, atá nuabhunaithe chomh maith, le haghaidh páirtithe leasmhara, grúpaí pobail agus ionadaithe earnála. Déanfaidh sé anailís ar cheisteanna uisce agus spreagfaidh sé feasacht maidir leo.

Forbraíodh bonn fianaise níos fearr chun treoir a thabhairt do bheartais náisiúnta agus spriocdhíriú beart áitiúil. Rinneadh measúnuithe teicniúla ar 4,829 dobharlach, inar scrúdaíodh a stádas (cáilíocht) agus cibé an raibh siad ‘i mbaol’ nach mbainfeadh siad cuspóirí stádais amach sa todhchaí. Ag baint úsáid as an bhfaisnéis sin, leagtar amach na beartais náisiúnta agus na bearta dá dtugtar tús áit go réigiúnach sa Phlean.

I measc na bpríomhbheart a dhéanfar tríd an bPlean tá:

  • Feabhas ar chóireáil fuíolluisce: €1.7 billiún in infheistíocht ag Uisce Éireann in os cionn 250 tionscadal cóireála fuíolluisce idir 2017 agus 2021. Cuideoidh sé sin le feabhas a chur ar cháilíocht an uisce agus meath na cáilíochta i ndobarlaigh spriocdhírithe, lena n-áirítear ‘limistéir faoi chosaint’ a chosc.
  • Caomhnú agus laghdú ar ligean: Cuirfidh Uisce Éireann na bearta tábhachtacha sin chun feidhme chun úsáid as uisce a dhéanamh níos inbhuanaithe agus níos éifeachtaí, ligean inár líonra uisce a laghdú ó 45% den uisce ar fad a sholáthraítear go dtí 37% faoi 2021, bunaithe ar fhigiúirí 2017.
  • Measúnuithe eolaíocha ar dhobharlaigh agus cur chun feidhme beart áitiúil ag 43 ball foirne imscrúdaitheacha úr, speisialaithe de chuid na n-údarás áitiúil: déanfaidh siad measúnuithe eolaíocha ar dhobharlaigh agus stiúrfaidh siad bearta áitiúla cur chun feidhme.
  • Clár comhoibríoch úr um Thacaíocht Inbhuanaitheachta agus Chomhairleach: leis an gcomhpháirtíocht seo idir an Stát agus an tionscal déiríochta, ina bhfuil 30 Comhairleoir Inbhuanaitheachta, cuirfear an dea-chleachtas feirmeoireachta chun cinn i 190 réimse a roghnófar le haghaidh gnímh, le haghaidh suas le 5,000 feirmeoir.
  • Tionscnamh Inbhuanaitheacht na Déiríochta chun cuidiú le feabhas a chur ar cháilíocht an uisce: Tabharfar comhairle do 18,000 feirmeoir déiríochta maidir le cleachtais feirmeoireachta inbhuanaithe sa 190 réimse le haghaidh gnímh.
  • Treoir uisce agus pleanála a fhorbairt d’údaráis áitiúla: cuideoidh sé sin leis na húdaráis áitiúla leis na rioscaí ar cháilíocht an uisce a chur san áireamh le linn cinnteoireacht pleanála agus forbartha.
  • Leathnú na scéime deontais do Chórais Chóireála Fuíolluisce Tí: cuideoidh an scéim sin le costais leighis dabhcha séarachais i limistéir uisce Ard-Stádais.
  • Clár Dobharcheantar Baill Ghoirm: leis an gclár úr cruthófar líonra réimsí barr feabhais aibhneacha agus lochanna. Oibreoidh gníomhaireachtaí le chéile lenár gcáilíocht uisce barr feabhais sna dobharlaigh sin a chosaint nó a fháil ar ais.
  • Ciste úr d’Forbairt Uisce Pobail: cuideoidh sé sin le tionscnaimh uisce pobail a dhéanamh agus tacóidh sé leo.

Foilsíodh an Plean i ndiaidh trí chéim fhoirmiúla de chomhairliúchán poiblí, os cionn 120 cruinniú halla an bhaile, os cionn 2,000 aighneacht ó pháirtithe ar suim leo an scéal, agus cruinnithe le comhlachtaí ionadaíocha agus geallsealbhóirí.

Plean Bainistíochta Abhantrach 2018-2021 - Achoimre Feidhmiúcháin
Amharc amharc
Plean Bainistíochta Abhantraí na hÉireann 2018 - 2021
Amharc amharc
River Basin Management Plan Natura Impact Statement
Amharc amharc
River Basin Management Plan SEA Statement
Amharc amharc

Ar mhaith leat páirt a bheith agat maidir le feabhas a chur ar cháilíocht an uisce áitiúil?

Ceist áitiúil agus náisiúnta is ea cáilíocht an uisce. D’fhéadfaí a lán feabhsuithe ar cháilíocht an uisce sna haibhneacha, lochanna nó uiscí cósta i do cheantair áitiúil tarlú le heolas áitiúil agus gníomhaíochtaí áitiúla amhail glanadh pobail abhann. Tá Oifig Uiscí agus Pobal na nÚdarás Áitiúil ag obair le grúpaí agus pobail áitiúla le cuidiú leo bheith páirteach ina n-uiscí a chosaint.

Le tuilleadh eolais a fháil faoi conas páirt a ghlacadh i gcáilíocht an uisce a chosaint, déan teagmháil le LAWCO.

Teileafón: +353 (0)761 065 262


Ar mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi cháilíocht an uisce áitiúil?

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi cháilíocht an uisce i do cheantar áitiúil nó faoi thionscnaimh ar cháilíocht an uisce ar fud na tíre, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Dobharcheantar an EPA.

Tá treoir, léarscáileanna, sonraí, acmhainní, cás-staidéir agus nuacht a bhaineann le huisce as gach áit in Éirinn ar an suíomh gréasáin. Is féidir leat clárú chomh maith le haghaidh Nuachtlitir ráithiúil ar Dhobharcheantair agus le haghaidh nuashonruithe faoi imeachtaí ábhartha i do chontae.