English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Plean Cistiúcháin Straitéisigh Uisce Éireann 2025-2029

D’fhormheas an tAire Tithíochta, Rialtas Áitiúil agus Oidhreachta Plean Cistiúcháin Straitéisigh Uisce Éireann ar an 5 Samhain 2024, ar aon dul le halt 34A den Acht um Sheirbhísí Uisce (Uimh. 2), 2013 (arna chur isteach le halt 19 den Acht um Sheirbhísí Uisce, 2017). Cuireadh é seo in iúl d’Uisce Éireann agus a cuireadh ar fáil é don Choimisiúin um Rialáil Fóntais (CRF). Déanfaidh an Coimisiún um Rialáil Fóntais athbhreithniú rialála eacnamaíoch ar an bPlean mar chuid den ceathrú tréimhse rialaithe rialála dá chuid a bheidh ar siúl idir 2025-2029. Léiríonn na leithdháiltí maoinithe Státchiste a bheidh ann amach anseo, atá intuigthe ag na réamhaisnéisí atá leagtha amach sa Phlean, an uasteorainn a bheidh ann, agus deimhneofar leithdháiltí maoinithe deiridh bunaithe ar thoradh phróiseas rialaithe ioncaim an CRF do 2025-29, agus mar chuid de phróiseas buiséadach bliantúil an Státchiste.

Leagtar amach i bPlean Maoinithe Straitéisigh Uisce Éireann riachtanas maoinithe straitéisigh ilbhliantúil Uisce Éireann de €16.9bn go dtí 2029, comhdhéanta d’infheistíocht €10.3 billiún i mbonneagar agus i sócmhainní agus €6.6 billiún i gcostais oibriúcháin. Comhlíonfar an riachtanas maoinithe seo trí mheascán d'ioncam neamh-intíre, táillí úsáide iomarcacha, fóirdheontas rialtais, maoiniú neamh-intíre agus ranníocaíochtaí caipitil.

Leagtar amach sa Phlean na costais chaipitil agus oibriúcháin a bhfuiltearm ar súil go dtabhóidh Uisce Éireann iad thar thréimhse ilbhliantúil agus conas atá na costais sin le haisghabháil. Cinnteofar leis an bPlean go mbeidh tuiscint chomhchoiteann ann idir an Rialtas agus Uisce Éireann ar na paraiméadair leathana airgeadais agus ar na tosaíochtaí infheistíochta.

Plean Cistiúcháin Straitéisigh 2025-2029
Amharc amharc