English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Plean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann um Bithéagsúlacht 2023–2030

Leagtar amach i 4ú Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Bithéagsúlacht (PGNB) na hÉireann an clár náisiúnta bithéagsúlachta don tréimhse 2023-2030 agus tá sé d’aidhm aige na hathruithe claochlaitheacha is gá a chur i gcrích maidir leis na bealaí ina ndéanaimid an dúlra a luacháil agus a chosaint. Forbraíodh an 4ú PGNB le tacaíocht, comhairle agus ionchur ón Meitheal Idir-Rannach um Bithéagsúlacht agus ón bhFóram neamhspleách um Bithéagsúlacht. Tionóladh 2ú Comhdháil Náisiúnta Bithéagsúlachta na hÉireann chun léargais agus moltaí a bhailiú chun PGNB a fhorbairt agus reáchtáladh próiseas comhairliúcháin phoiblí chun tuilleadh deiseanna a chur ar fáil chun dul i ngleic leis an bPlean.

Féachann an 4ú PGNB le cur chuige “an rialtais iomláin, na sochaí uile” a bhaint amach maidir le rialachas agus caomhnú na bithéagsúlachta. Is é an aidhm atá ann a chinntiú go mbeidh feasacht ag gach saoránach, pobal, gnó, údarás áitiúil, gníomhaireacht leathstáit agus gníomhaireacht stáit ar an mbithéagsúlacht agus ar an tábhacht a bhaineann léi, agus ar na himpleachtaí a bhaineann lena cailliúint, agus tuiscint ag an am céanna ar conas is féidir leo gníomhú chun aghaidh a thabhairt ar éigeandáil na bithéagsúlachta mar chuid d’iarracht náisiúnta athnuaite chun “gníomhú ar son an dúlra”.

Cuireann an Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Bithéagsúlacht 2023-2030 leis an méid a baineadh amach leis an bPlean roimhe seo. Leanfaidh sé de ghníomhaíochtaí a chur chun feidhme faoi chuimsiú cúig chuspóir straitéiseacha, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar shaincheisteanna nua agus ar shaincheisteanna atá ag teacht chun cinn:

  • Cuspóir 1 - Cur Chuige Rialtais Uile, Sochaí Uile i leith na Bithéagsúlachta a ghlacadh
  • Cuspóir 2 - Freastal ar Riachtanais Chaomhantais agus Athchóirithe Práinneacha
  • Cuspóir 3 - Rannchuidiú an Dúlra le Daoine a Chosaint
  • Cuspóir 4 - Feabhas a chur ar an mBonn Fianaise le haghaidh Gníomhaíochta maidir leis an mBithéagsúlacht
  • Cuspóir 5 - Rannchuidiú na hÉireann le Tionscnaimh Idirnáisiúnta Bithéagsúlachta a Neartú
Plean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann um Bitéaguúlacht
Amharc amharc

Comhairliúchán poiblí maidir leis an 4ú Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Bithéagsúlacht

Leis an Acht um Fhiadhúlra (Leasú), 2023, tugadh isteach dualgas nua ar an earnáil phoiblí maidir leis an mbithéagsúlacht. Foráiltear sa reachtaíocht go bhfuil dualgas ar gach comhlacht poiblí, mar atá liostaithe san Acht, aird a thabhairt ar na cuspóirí agus na spriocanna atá sa Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Bithéagsúlacht. Féach ar shuíomh idirlín NPWS chun tuilleadh sonraí a fháil.