English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Pleananna Forbartha

Tá d’údarás áitiúil freagrach as pleanáil i do cheantar. Is é an Plean Forbartha an phríomhionstraim a úsáideann siad chun forbairt a rialáil agus a rialú. Ceanglaítear ar gach údarás pleanála fógra a fhoilsiú go bhfuil sé ar intinn aige athbhreithniú a dhéanamh ar a phlean, tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis dó an plean atá aige a dhéanamh. Caithfear plean nua a dhéanamh gach sé bliana (i.e. dhá bhliain tar éis an fógra seo a fhoilsiú).

Luaitear sa phlean beartais an údaráis maidir le húsáid talún agus maidir le rialú agus cur chun cinn forbartha ina limistéar. Caithfidh an t-údarás, agus cinntí á ndéanamh aige ar iarratais phleanála, forálacha an Phlean a mheas, agus iarracht a dhéanamh a chuspóirí a bhaint amach.

Taispeánann Pleananna Forbartha cuspóirí údaráis áitiúil maidir le húsáid aonair nó príomhúil réimsí áirithe (m.sh. áiteanna cónaithe, tráchtála, tionsclaíocha, talmhaíochta), le haghaidh feabhsúchán bóithre, chun ceantair atá i léig a fhorbairt agus a athnuachan, agus chun taitneamhachtaí a chaomhnú, a fheabhsú agus a leathnú.

Tá rannpháirtíocht an phobail tábhachtach i ndéanamh an Phlean.

Féadfaidh an pobal a bheith bainteach le déanamh an phlean forbartha, ag an gcéad chéim, nuair a fhoilseoidh an t-údarás pleanála a rún athbhreithniú a dhéanamh ar an bplean, ag céim an dréachtphlean agus, más infheidhme, ag céim an dréachtphlean leasaithe.

Ag na céimeanna seo go léir, is féidir leis an bpobal aighneachtaí a dhéanamh nó tuairimí a thabhairt, laistigh de thréimhsí ama sonraithe, ar a bhfuil á mholadh ag an údarás pleanála ag na céimeanna seo go léir. Foilsítear fógra faoi dhéanamh an dréachtphlean agus cuirtear an dréachtphlean ar taispeáint go poiblí ar feadh 10 seachtaine ar a laghad, agus lena linn sin féadfaidh an pobal aighneachtaí a dhéanamh ar a ábhar. Caithfear aon aighneachtaí a fhaightear laistigh den tréimhse shonraithe a mheas sula nglactar leis an bPlean. Sula nglactar le plean, caithfear cóipeanna den dréacht a sheoladh chuig comhlachtaí reachtúla agus deonacha éagsúla a d’fhéadfadh comhairle speisialaithe a thabhairt don údarás.

Tá próiseas an Phlean Forbartha leagtha amach in Ailt 9 go 17 lena n-áirítear an tAcht um Pleanáil agus Forbairt, i nótaí treorach ar na hAilt sin agus i Bileog Phleanala 2 - Treoir don Phlean Forbartha freisin.