English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Pobail a Choinneáil Slán


Creat don tSábháilteacht Dóiteáin in Éirinn

Tá an beartas náisiúnta maidir le soláthar Seirbhísí Dóiteáin faoi stiúir na Stiúrthóireachta Náisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála, a dhéanann maoirseacht agus forbairt freisin ar chaighdeán sheirbhísí na nÚdarás Dóiteáin. I mí Feabhra 2013, d’fhoilsigh an Stiúrthóireacht Náisiúnta an doiciméad beartais “Pobail a Choinneáil Slán” a bheidh ina threoirphlean don tseirbhís dóiteáin amach anseo. Is é aidhm an bheartais seirbhísí comhleanúncha, éifeachtacha a sholáthar a bhaineann luach maith ar airgead amach in Éirinn, chomh maith le laghdú ar an mbaol dóiteáin inár bpobail agus tús áite a thabhairt do shábháilteacht na foirne dóiteáin agus iadsan i mbun a gcuid oibre freisin.

Leagtar amach in “Pobail a Choinneáil Slán”:

  • córas de phróisis agus de chaighdeáin náisiúnta
  • creat chun dul i dtreo struchtúir de ‘sheirbhísí comhroinnte’
  • béim níos mó ar chosc agus ar shábháilteacht dóiteáin
  • na bealaí ina mbainfear amach an sprioc de sheirbhísí ardchaighdeáin a sholáthar
  • spriocanna dúshlánacha ó thaobh laghdú ar líon na dtarluithe dóiteáin agus básanna de bharr dóiteáin.
Pobail a Choimeád Slán –Creat le haghaidh Sábháilteacht ar Dhóiteáin in Éirinn
Amharc amharc

Sonraí Teagmhála

National Directorate for Fire and Emergency Management

Seoladh:
Department of Housing, Local Government and Heritage, Rm. G59, Custom House, Dublin 1, D01 W6X0