English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Príomh-athchóirithe Beartais


Athchóirithe ar an bPróiseas chun Plean a Dhéanamh (Cuid 3)

An Creat Náisiúnta Pleanála (CNP)

Sa Chreat Náisiúnta Pleanála (CNP), leanfar de bheith chun tosaigh i gclár oibre pleanála agus leagtar amach san Acht córas faoi stiúir plean agus struchtúr ina bhfuil gach leibhéal de phleanáil ón leibhéal réigiúnach go dtí an leibhéal áitiúil ailínithe leis na cuspóirí straitéiseacha atá leagtha amach sa CNP. I mbeagán focal, ceanglófar ar phleananna oird níos ísle ailíniú le pleananna oird níos airde, le Pleananna Forbartha atá ailínithe leis na Straitéisí Réigiúnacha agus, dá réir sin, leis an CNP agus le Ráitis Phleanála Náisiúnta, agus le pleananna ceantarbhunaithe atá ailínithe le Pleananna Forbartha.

Ráitis Phleanála Náisiúnta (RPN)

Tiocfaidh Ráitis Phleanála Náisiúnta in ionad treoirlínte ón Aire. Tá siad sin faoi réir comhairliúchán agus formheasta ag an Rialtas agus cuirfidh siad soiléireacht níos mó ar fáil, lena mbeidh ailíniú le Beartais agus Bearta Pleanála Náisiúnta éigeantach, cé go mbeidh an treoir ghaolmhar, ina leagfar amach conas ba cheart na beartais sin a chur chun feidhme, lánroghnach. Mar thoradh air sin, beidh an córas fós in ann freagra a thabhairt ar athrú agus ceadóidh sé do bheartas an Rialtais eolas a sholáthar maidir le seachadadh tionscadail agus cláir i rith saolré an CNP.

Ailíniú le CNP agus le RPN

Chun leanúnachas a chinntiú ar bhonn tráthúil, tá próiseas ann chun athbhreithniú ar phleananna forbartha a bhrostú tar éis aon athruithe ar an CNP nó nuair a thugtar ráitis phleanála náisiúnta nua isteach, chun a chinntiú go bhfanann pleananna forbartha ailínithe le beartas náisiúnta go fóill.

Is é aidhm na socruithe sin ná raon feidhme a fheabhsú le haghaidh na leibhéil éagsúla den chóras pleanála ionas go mbeidh ceangal níos dlúithe eatarthu, rud a sholáthróidh soiléireacht agus leanúnachas níos fearr do gach duine atá páirteach, ó shaoránaigh aonair agus grúpaí cónaitheoirí go húinéirí talún agus forbróirí, agus nuair is gá ar deireadh, na Cúirteanna, atá ina réiteoir deiridh maidir le go leor cinntí pleanála ar thograí forbartha ar mhórscála le blianta beaga anuas.

Pleananna Forbartha leathnaithe, níos straitéisí

Beidh saolré 10 mbliana ag pleananna forbartha seachas an tsaolré 6 bliana atá ann faoi láthair agus beidh siad níos straitéisí ná mar atá siad faoin Acht reatha. Déanfar athbhreithniú eatramhach ar an bplean forbartha ag bliain 5, chun athruithe níos leithne a chur san áireamh a thiteann amach ón uair a ullmhaíodh an plean agus chun nuashonrú a éascú, más gá.

Soláthraítear leis sin pleananna níos straitéisí agus níos cothroime le dáta; rud a sholáthraíonn cinnteacht níos mó go bhfuil dóthain talún criosaithe ar fáil i gcónaí chun ailíniú leis na riachtanais tithíochta agus eacnamaíocha agus arís, a sholáthraíonn cinnteacht níos fearr thar thréimhse níos faide do gach páirtí leasmhar.

Mar thoradh ar an timthriall 10 mbliana agus ar na hathbhreithnithe gach 5 bliana, beidh na comhaltaí tofa go léir rannpháirteach i ndéanamh an Phlean Forbartha, nó san athbhreithniú agus sa leasú féideartha tríd an athbhreithniú eatramhach.

Tiocfaidh cineálacha áirithe de pleananna ceantarbhunaithe isteach in ionad pleananna ceantair áitiúla, chun tosaíocht a thabhairt do chuspóirí údaráis áitiúla ar bhealach níos fearr, seachas iad a bheith éigeantach agus acmhainní a thabhairt do cheantair nach bhfuil an gá is mó acu dóibh.


Conairí agus tréimhsí ama le haghaidh toilithe atá níos soiléire (Cuid 4)

Tá idirdhealú níos soiléire idir catagóirí éagsúla toilithe agus is é an rud is tábhachtaí ná go bhfuil tréimhsí ama reachtúla maidir le déanamh cinntí le haghaidh gach próisis toilithe, lena n-áirítear, den chéad uair, don Choimisiún Pleanála. Beidh cinnteacht mhéadaithe maidir le próisis toilithe pleanála mar thoradh air sin, don phobal agus do na páirtithe leasmhara atá rannpháirteach i seachadadh príomhbhonneagair amhail tithíocht agus fuinneamh in-athnuaite.

Tá príomhthréimhsí ama don Choimisiún Pleanála idir 18 seachtain le haghaidh achomharc ar chinntí a rinne údaráis phleanála ar thograí forbartha ar scála níos lú, agus 48 seachtain le haghaidh Forbairtí Bonneagair Straitéisigh ar mhórscála. Tá na tréimhsí ama éagsúla mar léiriú ar na castachtaí difriúla a bhaineann le hiarratais a ndéileálann an Coimisiún leo.

Athnuachan an Bhoird Pleanála (Cuid 17)

Foráiltear san Acht do struchtúr corparáideach a bhfuil athbhreithniú suntasach déanta air don Bhord Pleanála, a athainmneofar An Coimisiún Pleanála, ina ndéanfar gníomhartha corparáideacha, cinnteoireacht agus feidhmeanna rialachais a scaradh.

Leagtar amach san Acht na róil ar leith seo a leanas:-

• Coimisinéirí Pleanála - a bheidh freagrach as an gcinnteoireacht ar fad maidir le hachomhairc agus le hiarratais a dhéanfar, áit a ndéanfaidh ról nuachruthaithe an Phríomh-Choimisinéara Pleanála maoirseacht orthu.

• An Bord Rialaithe - a bheidh freagrach as an rialachas agus eagrúchán.

• An Feidhmeannas– a sholáthróidh tacaíocht do na heagraíochtaí go léir, áit a ndéanfaidh Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin maoirseacht ar a fheidhmeanna.

Leasú ar Athbhreithniú Breithiúnach (Cuid 9)

Tá ceann de na réimsí athchóirithe is tábhachtaí san Acht seo le fáil i gCuid 9, ina dtugtar próisis agus paraiméadair cothrom le dáta maidir le hathbhreithniú breithiúnach a phleanáil. Éascaíonn sé freisin scála táillí a thabhairt isteach a bhaineann le táillí dlí an athbhreithnithe bhreithiúnaigh tabhairt isteach Meicníocht Cúnaimh um Chostais Dhlíthiúla Chomhshaoil, chun a chinntiú nach mbeidh na costais a bhaineann le leanúint le hathbhreithniú breithiúnach ródhaor agus go gcoinneofar ag comhlíonadh ghealltanais na hÉireann faoi Choinbhinsiún Aarhus.

Tá athbhreithniú agus comhairle mhionsonraithe ó Oifig an Ard-Aighne mar bhonn agus mar thaca ag na hathchóirithe seo chomh maith le rannpháirtíocht fhairsing le geallsealbhóirí agus le Ranna Rialtais ábhartha eile, go háirithe an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, atá chun tosaigh maidir le bunú scála na dtáillí agus an Mheicníocht Cúnaimh um Chostais Dhlíthiúla Chomhshaoil.

Tá achoimre ar na príomhathruithe beartais agus an réasúnaíocht ghaolmhar thíos:

Iarratas ar Fhágáil

Ceanglaítear leis an Acht reatha um Pleanáil agus Forbairt 2000 go bhfuil iarratas ar fhágáil i bhfeidhm le haghaidh imeachtaí athbhreithnithe breithiúnaigh. Ba é an bunaidhm a bhí leis seo ná feidhmiú mar chineál scagthástála do chásanna bailí ach go praiticiúil le himeacht ama, go páirteach mar gheall ar leathnú scóip na bparaiméadar comhshaoil a bhaineann le hathbhreithnithe breithiúnacha pleanála, leanann beagnach gach cás ar aghaidh anois thar chéim na fágála. Dá bhrí sin, agus céim na fágála bainte, baintear an t-am agus na costais dlí breise nach bhfuil gá leo do gach páirtí. Ní mór do gach iarratasóir i ngach cás fianaise ar fhorais leordhóthanacha agus leas leordhóthanach a sholáthar (féach thíos) chun dul ar aghaidh.

Le foráil eile (Iarratais ar athbhreithniú breithiúnach Chuid 9 a scriosadh amach), coinnítear cumas an pháirtí iarratas a dhéanamh go dtí an gCúirt chun na himeachtaí a scriosadh amach de réir critéir shonraithe amhail easpa seasaimh, bheith as-am, gan gach iarracht a dhéanamh ar achomhairc agus nósanna imeachta riaracháin nó gan cás inargóinte a nochtadh. Chomh maith leis sin, féadfaidh an Cúirt iarratais a mheas a bheith suaibhreosach nó cráiteach.

Forais

Féadfaidh iarratasóir AB forais leasaithe a thabhairt níos faide ná iad siúd a comhdaíodh ina (h)iarratas. D’fhéadadh sé sin a bheith ina chúis le moilleanna suntasacha mar nach mór don Chúirt agus don chosantóir breithniú a dhéanamh ar fhiúntas gach forais leasaithe nua ina dhiaidh sin.

Déanann an tAcht é sin a leasú trína cheangal nach bhféadfar iarratas ar athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh ach amháin ar fhorais agóide a d’ardaigh an t-iarratasóir sa ráiteas forais a comhdaíodh lena n-iarratas agus leagtar amach ann critéir theoranta trína bhféadfaidh an Chúirt leasuithe eile a cheadú ar an ráiteas forais sin.

Leas Leordhóthanach

Seachas i gcás comhlachtaí sonracha, mar shampla ENRanna Comhshaoil, ceanglaíonn an tAcht ar gach iarratasóir AB triail a bhaint as gach aon nós imeachta achomhairc atá ar fáil nó aon réiteach riaracháin eile atá ar fáil maidir leis an gcinneadh nó leis an ngníomh lena mbaineann. Mar shampla, ní mór go mbeadh aighneacht déanta ar an gcéad iarratas pleanála ag duine aonair chun iarratas a dhéanamh níos déanaí chun athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh ar an iarratas sin.

Stádas Speisialta na ENRanna Comhshaoil

Tá stádas cosanta speisialta na ENRanna Comhshaoil chun cás Athbhreithnithe Bhreithiúnaigh a thógáil á choimeád, fiú sa chás nach bhfuil siad tar éis triail a bhaint as gach bealach eile mar atá thuas. Is féidir leo déanamh amhlaidh sa chás go mbaineann a n-imeachtaí le forbairt ar láithreán Eorpach í nó sa chás gur dócha go mbeidh tionchair shuntasacha ag an bhforbairt bheartaithe ar an gcomhshaol agus is cuma cé acu atá tionchar díreach nó indíreach ag seo ar an ENR Comhshaoil féin. Bronnann gealltanais na hÉireann faoi Choinbhinsiún Aarhus an phribhléid sin ar eagraíochtaí dá leithéid.

Tá roinnt ceanglais rialachais íosta le haghaidh eagraíochtaí dá leithéid, nach mbeidh ina mbacainn roimh ENRanna Comhshaoil bona fide:

  • Go raibh siad ann ar feadh bliain amháin ar a laghad roimh na himeachtaí a thabhairt agus go bhfuil siad ina gcuideachta nó ina gcuideachta faoi dhliteanas teoranta (lena n-áirítear bunreacht).
  • Gur cuspóir sonraithe bhunreacht na cuideachta í cosaint an chomhshaoil a bhaineann leis na himeachtaí.
  • Go bhfuil 10 gcomhalta ar a laghad ann ag am an imeachta.
  • Go ndéanann Bord Stiúrthóirí (nó a choibhéis) an ENR Comhshaoil cinneadh foirmiúil chun leanúint leis an Athbhreithniú Breithiúnach.

Cumainn Áitritheoirí agus comhlachtaí neamhchorpraithe eile

Coimeádann eagraíochtaí neamhchorpraithe, amhail cumainn áitritheoirí, an ceart chun Athbhreithniú Breithiúnach a thógáil, faoi réir critéir rialachais áirithe. Áirítear leis na critéir sin leas leordhóthanach a bheith ann, vóta na gcomhaltaí a ghlacadh agus faisnéis a sholáthar don Chúirt ina luaitear an duine a thabharfaidh an cás agus a bhfuil sé beartaithe acu go ndéanfar sainordú agus na bona fide atá ag an eagraíochta neamhchorpraithe a chuimsiú sa phróiseas Athbhreithnithe Bhreithiúnaigh de réir mar atá molta.

Forálacha costais le haghaidh cásanna Athbhreithnithe Bhreithiúnaigh

Forálann an tAcht go gcuirfear rialacha nua in ionad na rialacha costais atá infheidhmithe faoi láthair faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 maidir le teidlíocht agus nochtadh d’orduithe costais do pháirtithe in imeachtaí den chineál seo. Tabharfar isteach scála táillí le haghaidh costais dhlíthiúla a eascraíonn ó na himeachtaí sin chomh maith le Mheicníocht Cúnaimh um Chostais Dhlíthiúla Chomhshaoil chun cúnamh airgeadais a thabhairt do dhaoine agus d’eagraíochtaí a ndéanann imeachtaí a thionscnamh.

Cinnteoidh tabhairt isteach scála táillí agus sásra cúnaimh airgeadais nach mbeidh na costais ar iarratasóirí a dhéanfaidh Athbhreithniú Breithiúnach ródhaor. Feabhsóidh sé seo rochtain ar cheartas agus rialóidh sé costais athbhreithnithe bhreithiúnaigh don Stát.

Déanfaidh an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide an dá fhoráil chostais a rialú trí reachtaíocht thánaisteach.