English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Ráiteas Príobháideachais - Comhairliúchán Poiblí maidir le Ráiteas Straitéise 2025-2027 na Roinne


Is í an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an roinn rialtais atá freagrach as tithíocht agus uisce, as pleanáil fhisiceach agus spásúil, as rialtas áitiúil, as réamhaisnéis na haimsire agus as oidhreacht thógtha agus nádúrtha.

Tá an Roinn tiomanta do do phríobháideachas a chosaint agus a urramú. Mínítear sa ráiteas príobháideachais seo conas a phróiseálfaidh an Roinn, mar an Rialaitheoir Sonraí, na sonraí pearsanta a chuirtear ar fáil di i ndáil le Freagraí a fuarthas i leith an Chomhairliúcháin Phoiblí maidir le Ráiteas Straitéise 2025-2027 na Roinne; conas a úsáidfear an fhaisnéis sin, agus cad iad na cearta a fhéadfaidh tú a fheidhmiú maidir le do shonraí pearsanta.


Cuspóirí na próiseála

Feidhmíonn an Ráiteas Straitéise mar chreat d’obair na Roinne, agus tá sé bunaithe ar mhisean agus ar sheacht sprioc straitéiseacha na Roinne. Soláthraíonn sé eolas ar conas a dhéanfar monatóireacht ar dhul chun cinn maidir leis na spriocanna sin a bhaint amach, trí aschuir, torthaí agus táscairí feidhmíochta intomhaiste a shainaithint. Bainfidh an Roinn úsáid as an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil chun bonn eolais a chur ar fáil d’fhorbairt Ráiteas Straitéise 2025-2027 na Roinne. Úsáidfear na sonraí teagmhála a sholáthraítear chun an próiseas aighneachta a riar.


Cad a dhéanfaimid le do thuairimí

Tabhair faoi deara, le do thoil, ar mhaithe le trédhearcacht, go ndéanfar gach aighneacht scríofa a gheofar a anaithnidiú agus a phostáil go poiblí ar shuíomh gréasáin na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.


Próifíliú

Ní úsáidfidh an Roinn aon sonraí pearsanta a bhailítear uait i leith an Chomhairliúcháin Phoiblí maidir le Ráiteas Straitéise 2025-2027 na Roinne le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe, nó le haghaidh cuspóirí próifílithe.


Dlíthiúlacht na próiseála

Tá an phróiseáil seo ar do shonraí pearsanta dleathach faoi Airteagal 6(1)(c). De réir fhorálacha an Achta um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí, 1997, ní mór don Roinn Ráiteas Straitéise a tháirgeadh gach trí bliana.


Slándáil do shonraí pearsanta

Cuireann an Roinn bearta teicniúla agus eagraíochtúla oiriúnacha i bhfeidhm chun d’fhaisnéis a chosaint ó rochtain neamhúdaraithe. Ainneoin na n-iarrachtaí seo, áfach, níl aon bheart slándála foirfe ná dothreáite, agus ní féidir aon mhodh tarchurtha sonraí a ráthú i gcoinne aon idircheapadh nó aon chineál mí-úsáide eile. Sa chás go gcuirtear do shonraí pearsanta i gcontúirt mar thoradh ar shárú slándála, cuirfear beartas agus nósanna imeachta Bainistíochta Sáruithe na Roinne chun feidhme.


Faighteoirí na sonraí

Is féidir sonraí pearsanta a roinnt go hinmheánach le haghaidh iniúchta nó chun críocha comhlíonta eile.

Féadfar sonraí pearsanta a roinnt le Ranna Rialtais eile, údaráis áitiúla, gníomhaireachtaí faoi choimirce na Roinne, nó comhlachtaí poiblí eile, i gcásanna áirithe eile dá bhforáiltear le dlí.


Aistrithe Sonraí Trasteorann

Ní aistreoidh an Roinn sonraí pearsanta a bhailítear i leith an Chomhairliúcháin Phoiblí maidir le Ráiteas Straitéise 2025-2027 na Roinne chuig tír ar bith nó eagraíocht idirnáisiúnta lasmuigh den AE/LEE.


Cé chomh fada a choimeádfar do shonraí?

Ní choimeádfaidh an Roinn do shonraí pearsanta ach amháin fad is gá chun na gcríoch lenar bailíodh agus lenar próiseáladh iad. I gcomhréir le ceanglais reachtúla agus ghnó, is ionann an tréimhse coinneála sonraí do do shonraí pearsanta, sa chás seo, agus 3 mhí ón dáta a fhaightear d'aighneacht.


Do chearta

Tá [external-link Beartas Cosanta Sonraí | https://www.gov.ie/en/organisation-information/5d22d-data-protection-policy/ ]na Roinne, ina leagtar amach conas a úsáidfimid do shonraí pearsanta, mar aon le faisnéis maidir le do chearta mar dhuine is ábhar do na sonraí (lena náirítear sonraí maidir le ceart rochtana, an ceart go ndéanfaí ceartúchán, an ceart go ndéanfaí léirscriosadh, an ceart go gcuirfí srian le próiseáil, an ceart chun agóid a dhéanamh), le fáil ar ár suíomh gréasáin. Tá cóip chrua den bheartas ar fáil freisin ach í a iarraidh. Má bhreithníonn tú gur sáraíodh do chearta, tá an ceart agat chun gearán a dhéanamh le Coimisiún um Chosaint Sonraí na hÉireann (www.dataprotection.ie), agus tá an ceart agat chun leigheas breithiúnach a lorg.


Sonraí Teagmhála

Is í an Roinn an Rialaitheoir Sonraí nuair a bheidh do shonraí pearsanta á bpróiseáil chun na gcríoch atá leagtha amach thuas. Tá sonraí teagmhála na Roinne ar fáil ag: https://www.gov.ie/en/organisation-information/839bc-contact-the-department-of-housing-local-government-and-heritage/

Tá Oifigeach Cosanta Sonraí ceaptha ag an Roinn chun tacú lena hiarrachtaí an dlí cosanta sonraí a chomhlíonadh. Is iad na sonraí teagmhála d’Oifigeach Cosanta Sonraí na Roinne ná:

Data Protection Officer

Seoladh:
Data Protection Officer, Department of Housing, Local Government and Heritage, Newtown Road, Wexford, Y35 AP90
Suíomh Gréasáin:
Ríomhphost:

data.protection@housing.gov.ie

Ríomhphost: 21/02/2025

Ráiteas Príobháideachais - Comhairliúchán Poiblí maidir le Ráiteas Straitéise 2025-2027 na Roinne
Amharc amharc