English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Réitigh Nádúrbhunaithe ar Rith chun Srutha Uisce Báistí agus Uisce Dromchla i gCeantair Uirbeacha - Treoirdhoiciméad Eatramhach Dea-Chleachtais

Tá tarluithe adhaimsire báistí ag éirí níos coitianta de réir mar is léir dúinn tionchar an athruithe aeráide ar an timpeallacht. Tiocfaidh ardú suntasach ar leibhéal an truaillithe a bheidh ag dul isteach i ndobharlaigh ó rith chun srutha uirbeach agus tiocfaidh ardú ar bhaol tuile mura ndéanfar leibhéal an uisce dromchla i gceantair uirbeacha a bhainistiú.

Is i gcomhar gach pleanáil uirbeach agus lucht gairme deartha an doiciméad seo ina leagtar amach mar is féidir bogadh i dtreo chur chuige níos córasaí agus níos inbhuanaithe i ndáil le pleanáil uirbeach agus sin a dhéanamh trí dhearadh uirbeach atá íogair i ndáil le huisce. Aithnítear ann an gá atá le hathrú mór sa chaoi a bpleanálaimid, a leagaimid amach, a dtógaimid agus a gcothaímid ceantair uirbeacha na tíre trí limistéir nádúrbhunaithe a bhfuil plandaí curtha ann a chur in áit dromchlú neamhscagach, limistéir atá leagtha amach chun rith chun srutha a ionsú, a choinneáil, a stóráil agus a chóireáil sula scaoiltear ar ais sa timpeallacht é. Tá trí ghné ann a chuireann treallús faoi sin:

  • Timpeallacht: tionchar rith chun srutha ar cháilíocht uisce (cuspóirí na Creat-Treorach Uisce)
  • Athrú Aeráide: tá athrú mór tagtha ar phátrúin aimsire agus báistí ó tharla níos mó tarluithe adhaimsire báistí ard-déine ag tarlú (bainistiú báistí)
  • Baol Tuile: tá báisteach níos déine agus leibhéil de dhromchlú neamhscagach atá ag méadú le chéile ag cur le baol tuile i gceantair uirbeacha. Tá géarghá aghaidh a thabhairt air seo trí bháisteach a choinneáil chomh gar agus is féidir don áit a dtiteann sí laistigh d’abhantrach.

Léirítear sa doiciméad seo mar is féidir linn dul i ngleic leis na saincheisteanna gaolmhara seo trí athrú cuí a dhéanamh ar an mbealach a bpleanálfaimid agus a leagfaimid amach ceantair uirbeacha. Déantar cuir chuige fhadtéarmacha faoi stiúir plean a chur chun cinn ann, cuir chuige ina ndéantar réitigh nadúrbhunaithe a chomhcheangail le spásphleanáil, go háirithe ag leibhéal na lonnaíochta uirbí aonair, bíodh sin mór nó beag. Is é an t-athrú aeráide agus an gá ceantair uirbeacha a chur in oiriúint don athrú aeráide i dtaobh patrúin báistí an coincheap aontaitheach maidir le scóip an doiciméid seo.

Nature-based Solutions to the Management of Rainwater and Surface Water Runoff in Urban Areas – Best Practice Interim Guidance Document
Amharc amharc