Reachtaíocht pleanála
- Foilsithe: 1 Samhain 2019
- An t-eolas is déanaí: 2 Aibreán 2025
Reachtaíocht Phríomha
Is é an Planning and Development Act 2000 (arna leasú) an bunchloch le haghaidh pleanála in Éirinn. Clúdaíonn an tAcht seo raon ollmhór saincheisteanna a bhaineann le pleanáil, agus comhcheanglaíonn sé raon leathan reachtaíochta éagsúla in aon áit amháin.
- Leagtar amach ann mionsonraí na dtreoirlínte pleanála réigiúnacha, na bpleananna forbartha agus na bpleananna ceantair áitiúla.
- Míníonn sé conas a oibríonn Treoirlínte Aireachta.
- Leagtar amach ann conas a oibríonn an próiseas chun iarratas a dhéanamh agus chun cead pleanála a fháil.
- Tá riachtanais speisialta ann maidir le struchtúir chosanta, limistéir chaomhnaithe agus réimsí rialaithe pleanála speisialta a shainiú.
- Míníonn sé an gaol idir pleanáil agus soláthar tithíochta sóisialta.
- Meagtar amach ann achomhairc phleanála agus próisis fhorfheidhmithe na hÉireann.
- Déanann sé cur síos ar Chriosanna Forbartha Straitéiseacha agus Measúnú Tionchair Timpeallachta.
- Soiléiríonn sé an chaoi a bhfeidhmíonn raon próiseas pleanála ar leith, lena n-áirítear forbairt Stáit.
- Go bunúsach, má theastaíonn cead pleanála, leagtar amach san Acht seo conas é sin a fháil. Mura bhfuil cead pleanála ag teastáil, míníonn an tAcht seo an fáth.
Rinneadh roinnt athruithe ar an reachtaíocht ó 2000, atá leagtha amach sa chomhdhlúthú riaracháin a dhréachtaigh an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí.
Reachtaíocht thánaisteach
Is iad na príomh-rialacháin atá mar bhonn agus taca leis na hAchtanna Pleanála agus Forbartha na Rialacháin Pleanála agus Forbartha 2001 (IR Uimh. 600 de 2001). Rinneadh roinnt Rialachán lena leasaítear Rialacháin 2001, ar a dtugtar, le chéile, na Rialacháin Pleanála agus Forbartha 2001 go 2025.
Ullmhaíodh comhdhlúthú neamhoifigiúil ar na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001-2025 chun go bhféadfadh úsáideoirí tagairt a dhéanamh dó agus níl aon stádas dlíthiúil aige.