English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Riachtanais Fostóirí maidir le Dearadh Sonraí Tithíochta Ardchaighdeáin

Is é cuspóir na cáipéise seo chun caighdeán ginearálta ábhar, bailchríoch agus feisteas a leagan amach atá le cur ar fáil i bhForbairt Tithíochta Sóisialta no Inacmhainne agus/nó Árasáin, a chistíonn an Roinn go hiomlán nó go páirteach. Cuirtear cur chuige inghlactha ar fáil sa cháipéis seo, chomh maith, i dtaobh na réamhearraí ginearálta chun eolas a chur ar fáil do cháipéisí tairisceana d’aon chonradh tógála tithíochta gaolmhar.

Cuirtear cinnteacht níos mó sa cháipéis seo agus cuirtear comhsheasmhacht chun cinn ann fud fad na tíre, maidir le caighdeán agus cineál na n-ábhar, na mbailchríoch agus na bhfeisteas siúd a mheasann an Roinn, i gcomhthéacs luach ar airgead a sholáthar, gur cuí, agus cothromaíocht á baint amach idir na costais tosaigh chaipitil, ionchas saoil réasúnta agus costais intuartha chothabhála i rith shaolré na háite cónaithe.

Is féidir le húdaráis áitiúla (ÚÁanna) nó Comhlachtaí Faofa Tithíochta (CFTanna) an cháipéis seo a úsáid chun eolas a thabhairt dá bhfoireann féin ghairmiúil inmheánach nó chun sainchomhairleoirí seachtracha a cheapadh. Is féidir é a úsáid, chomh maith, chun an caighdeán cáilíochta a leagan amach atá le soláthar i bhfoirm ar bith de Dhearadh agus Tógáil, anuas ar cháipéisíocht agus riachtanais chonarthacha eile.

Ní conradh ná cáipéis tógála í an cháipéis seo, ná ní bheartaítear go leagtar síos inti caighdeáin tógála nó saoirseachta, etc. Ar mhaithe le cuspóirí tairisceana agus conartha, ba cheart Sonraíocht Ghinearálta Tógála (féach 1.6.3 thíos) a scríobh, mar chuid de na Riachtanais Oibreacha, ar cheart dóibh tagairt a dhéanamh do na caighdeáin infheidhme go léir.

Employer's Requirements for Detail Design of Quality Housing (Revision 1 September 2020)