English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Rialáchán maidir le Táirgí Foirgníochta (RTF)

Amhail ar an agus ón 1 Iúil 2013, faoi Rialachán (AE) Uimh 305/2011 (ar a dtugtar an Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta nó an “RTF”), beidh marcáil CE éigeantach ar gach táirge foirgníochta a chuirtear ar an margadh sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus cumhdaítear é faoi:

  • Measúnú Teicniúil Eorpach (Úsáideann déantóirí táirgí iad seo i gcás nach mbíonn a dtáirgí cumhdaithe faoi chaighdeán Eorpach comhchuibhithe ach ar mian leo go mbeadh marcáil CE fós ar a gcuid táirgí).

Tá sé mar aidhm ag an RTF a dheimhniú go gcuirtear sonraí iontaofa a bhaineann le feidhmíocht ar fáil, trí Dhearbhuithe Feidhmíochta, maidir le táirgí foirgníochta a chuirtear ar an margadh Eorpach.

Is é príomhchuspóir an RTF ná deireadh a chur le bacainní teicniúla a bhíonn roimh thrádáil chun saorghluaiseacht táirgí foirgníochta idir Ballstáit laistigh den Aontas Eorpach a dheimhniú. Déantar sin trí na heilimintí a chruthaíodh bacainní roimhe sin a chomhoiriúnú trí fhoráil:

  • le haghaidh córais de shonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe (tá breis agus 450 caighdeán comhchuibhithe i dtaca le táirgí foirgníochta (hENanna) i bhfeidhm faoi láthair)
  • le haghaidh córais chomhaontaithe um dheimhniú comhréireachta agus um fhíorú seasmhachta do gach catagóir tháirge (mar a leagtar amach sna sonraíochtaí comhchuibhithe teicniúla)
  • le haghaidh creata de chomhlachtaí dá dtugtar fógra, agus
  • le haghaidh mharcáil éigeantach CE ar tháirgí foirgníochta mar phas don mhargadh inmheánach.

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach bhfuil sé mar aidhm ag an RTF cóid náisiúnta fhoirgníochta a chomhchuibhiú. Bíonn de shaoirse ag gach Ballstát a riachtanais féin maidir le hoibreacha foirgníochta, agus dá bhua sin, maidir le táirgí foirgníochta agus iad in úsáid, a shocrú. Is le gach Ballstát a bhíonn an rogha maidir le luachanna feidhmíochta riachtanacha le haghaidh úsáidí beartaithe sonracha a bhaintear as táirgí foirgníochta.

Leagann an Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta - Nóta Faisnéise amach na cuspóirí ginearálta atá i gceist leis an RTF, na ceanglais a chaithfear a chomhlíonadh chun táirgí foirgníochta a chur ar an margadh, agus na himpleachtaí ar leith do dhéantóirí, d'allmhaireoirí agus do dháileoirí a thiocfaidh chun cinn mar gheall ar thionscnamh an Rialacháin ar an 1 Iúil 2013, agus cuireann sé roinnt eolais achomair ar fáil do shonraitheoirí, do dhearthóirí agus do thógálaithe agus na táirgí foirgníochta seo á n-úsáid.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin RTF lena n-áirítear treoir “céim ar chéim” faoi mharcáil CE, féach suíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh maidir le hArd-Stiúrthóireacht um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus FBManna.


Údaráis a thugann Fógra

Le hAirteagal 40 den RTF, ceanglaítear ar gach Ballstát údarás dá leithéid a ainmniú a bheidh freagrach as na nósanna imeachta riachtanacha a chur ar bun agus a chur i bhfeidhm chun fógra a thabhairt don údarás fúthu agus measúnacht a dhéanamh ar na comhlachtaí a bheidh údaraithe le tascanna tríú páirtithe a dhéanamh i bpróiseas na measúnachta agus an fhíorúcháin ar sheasmhacht feidhmíochta (MFSF) chun críocha an RTF, agus le haghaidh monatóireachta ar chomhlachtaí ar tugadh fógra dóibh, lena n-áirítear an gcomhlíonann na comhlachtaí sin forálacha Airteagal 43.

I gcás na hÉireann, is í an roinn seo an t-údarás atá ainmnithe le fógraí a thabhairt faoin RTF.

Ba chóir go gcuirtear iarratas ar stádas mar chomhlacht dá dtugtar fógra isteach chuig an roinn seo i gcomhréir leis na nósanna imeachta Éireannacha um fhógra a thabhairt chun críocha an Rialacháin um Tháirgí Foirgníochta (305/2011).

Tugann Bord Náisiúnta na hÉireann um Chreidiúnú (BNÉC) faoi chreidiúnú agus faoi mhonatóireacht ar chomhlachtaí in Éirinn a dtugtar fógra dóibh. Ba chóir do chomhlachtaí ar mian leo go dtugtar fógra dóibh chun críocha an RTF iarratas a chur isteach ar dtús chuig BNÉC ar an gcreidiúnú a bhaineann leis na seirbhísí is mian leo a chur ar fáil.

Faireachas ar an Margadh maidir le Táirgí Foirgníochta

Pointí Teagmhála Táirgí don Fhoirgníocht