English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Rialú Foirgníochta



Creat um Rialú Foirgníochta

Tá 31 Údarás Áitiúil ainmnithe mar Údaráis um Rialú Foirgníochta faoi na hAchtanna um Rialú Foirgníochta 1990 go 2014. Déanann Údaráis um Rialú Foirgníochta monatóireacht ar mar a chomhlíontar Building Regulations ina limistéar agus aire á tabhairt acu ar na nithe seo a leanas:

  • na híoscheanglais maidir le dearadh agus tógáil foirgneamh faoi mar a leagtar amch sna Rialacháin Foirgníochta;
  • treoircháipéisí Teicniúla mionsonraithe lena dtaispeántar conas ar féidir na ceanglais seo a chomhlíonadh go praiticiúil;
  • nósanna imeachta a leagtar amach sna Rialacháin um Rialú Foirgníochta maidir le bheith ag léiriú go bhfuil na Rialacháin á gcomhlíonadh i leith foirgnimh nó oibreacha aonair.

Tá cumhachtaí láidre cigireachta agus forfheidhmiúcháin faoi na hAchtanna ag Údaráis um Rialú Foirgníochta. Is ar úinéir an fhoirgnimh nó na n-oibreacha atá beartaithe, agus ar aon tógálaí nó dearthóir arna fhostú ag an úinéir, a bhíonn an fhreagracht i gcónaí as na rialacháin a chomhlíonadh.

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le support@nbco.gov.ie


Rialacháin um Rialú Foirgníochta

Ceanglaítear leis na Rialacháin um Rialú Foirgníochta 1997 go 2015 ar úinéirí, ar thógálaithe agus ar oibrithe gairmiúla cláraithe foirgníochta a léiriú, trí Chlár Reachtúil na Gníomhaíochta um Rialú Foirgníochta, go bhfuil na hoibreacha nó an foirgneamh atá i gceist deartha agus tógtha de réir na Rialachán Foirgníochta.

Baineann Rialacháin um Rialú Foirgníochta le foirgnimh nua agus le foirgnimh atá ann cheana féin i gcoitinne, nuair a chuirtear síneadh leo, nuair a dhéantar athrú ábhartha orthu nó ar a n-úsáid.

Rialacháin Athbhreithnithe um Rialú Foirgníochta

Comhdhlúthú riaracháin ar Rialachain um Rialú Foirgníochta is ea an Ionstraim Reachtúil Athbhreithnithe seo.

Building Control Regulations 1997

Liosta na Rialachán um Rialú Foirgníochta

Bíonn nósanna imeachta um rialú foirgníochta éagsúil le haghaidh catagóirí difriúla foirgneamh agus cúinsí difriúla. I gcoitinne, éilítear leis an bpróiseas um rialú foirgníochta:

  • go gcuirfear Fógra um Thosach Feidhme, arna shíniú ag an úinéir, faoi bhráid an Údaráis um Rialú Foirgníochta sula dtosaítear ar na hoibreacha; i bhformhór na gcásanna, caithfidh Deimhniú Deartha reachtúil a bheith in éineacht leis an bhfógra sin, chomh maith le foirmeacha a bhaineann le sannadh an Tógálaí agus an Deimhneoir Shannta, agus Plean Cigireachta tosaigh
  • déantar Deimhniú Reachtúil um Chomhlíonadh ar Chríochnú na tógála, in éineacht le cáipéisíocht ábhartha um chomhlíonadh rialachán agus an Plean Cigireachta, faoi mar a cuireadh i ngníomh é, a lóisteáil leis an Údarás um Rialú Foirgníochta sula mbaintear úsáid as an bhfoirgneamh nó sula n-áitítear é
  • i gcás foirgneamh tráchtála agus blocanna árasán, caithfear Deimhniú Rochtana do Dhaoine le Míchumas agus Deimhniú Sábháilteachta Dóiteáin a fháil ón údarás áitiúil um rialú foirgníochta.

Baineann táillí reachtúla le nósanna imeachta um rialú foirgníochta.

Foilsítear gníomhaíochtaí um rialú foirgníochta ar an gClár Reachtúil um Rialú Gníomhaíochta Foirgníochta.

Tá sé ina chion foirgneamh a áitiú nó a úsáid gan Deimhniú Reachtúil um Chomhlíonadh ar Chríochnú nó Deimhniú Sábháilteachta Dóiteáin nó Deimhniú Rochtana do Dhaoine le Míchumas a bheith i bhfeidhm faoi mar a éilítear.

Is féidir tuilleadh faisnéise mionsonraithe a fháil ach na Rialacháin um Rialú Foirgníochta 1997 go 2024 a léamh nó an Code of Practice for Inspecting and Certifying Buildings and Works.

Rogha an Diúltaithe maidir le Deimhniú Reachtúil – Áitribh Aonair agus Síntí ar Áitribh

Féadfaidh úinéirí áitreabh nua aonair, ar aonad forbartha aonair, agus síntí áitreabh cónaithe, roghnú gan na ceanglais maidir le deimhniú reachtúil a chomhlíonadh. Caithfear Rialacháin Foirgníochta a chomhlíonadh fós agus beidh feidhm le nósanna imeachta um Rialú Foirgníochta fós.

Information Note for Owners of new dwellings and extensions who opt out of Statutory Certification for building control purposes

Forms required for Opting Out of Statutory Certification Process under S.I. 365 of 2015

Cigireacht agus Forfheidhmiúchán

Dílsítear na cumhachtaí cigireachta, forfheidhmiúcháin agus ionchúisimh leis na hAchtanna um Rialú Foirgníochta 1990 go 2014 sna 31 Údarás Áitiúil. Tá cumhachtaí tairmligthe ag oifigigh údaraithe gach Údaráis um Rialú Foirgníochta chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • tograí a iniúchadh agus cigireacht ar oibreacha atá idir lámha
  • fógraí forfheidhmiúcháin a sheirbheáil ar úinéirí agus ar thógálaithe as gan rialacháin a chomhlíonadh
  • imeachtaí a thionscnamh as aon cheanglais a leagtar amach sna hAchtanna, nó aon rialacháin arna ndéanamh fúthu, a shárú
  • orduithe Ard-Chúirte a lorg chun contúirt don phobal a mhaolú i gcásanna tromchúiseacha gur ionann gan rialachán a bheith comhlíonta agus rioscaí don tsábháilteacht phoiblí.

Féadfaidh sé a bheith ina chion faoi na hAchtanna um Rialú Foirgníochta ag úinéir nó tógálaí má theipeann orthu, ar iarraidh Údaráis um Rialú Foirgníochta, a léiriú go bhfuil Rialacháin Foirgníochta nó Rialacháin um Rialú Foirgníochta, comhlíonta acu, nó má theipeann orthu cás nár comhlíonadh iad a chur ina cheart. Má éiríonn le hionchúiseamh i gcúirt, féadfar fíneáil agus/nó téarma príosúnachta a chur orthu de thoradh cionta dá leithéid.


Córas Bainistíochta um Rialú Tógála

Éascaíonn an Córas um Rialú Foirgníochta nó BCMS le riaradh leictreonach gnóthaí a bhaineann le rialú foirgníochta.

Láimhseálann an tÚdarás áitiúil um Rialú Foirgníochta gach próiseas reachtúil tríd an BCMS.

Féadfaidh úinéirí, tógálaithe agus oibrithe gairmiúla foirgníochta úsáid a bhaint as BCMS chun foirmeacha um rialú foirgníochta a uaslódáil, chomh maith le cáipéisí maidir le dearadh agus comhlíonadh, agus deimhnithe reachtúla agus ba cheart dóibh clárú mar úsáideoirí ar an BCMS in am trátha roimh an am beartaithe chun tosú ar oibreacha. Cabhróidh an t-údarás áitiúil um rialú foirgníochta le clárú mar úsáideoir BCMS


Oibrithe Gairmiúla Foirgníochta a Chlárú

Cuirtear srian leis an Building Control Act 2007 ar úsaid na dteideal cosanta seo a leanas: Ailtire, Suirbhéir Foirgníochta agus Seirbhéir Cainníochta agus níl cead iad a úsáid ach acu siúd atá cláraithe faoin Acht. Tá sé ina chion teidil dá leithéid a úsáid ach amháin sa chás go bhfuil duine cláraithe le hamhlaidh a dhéanamh.

Thug an tUas. Garret Fennell, Aturnae, faoi review of the arrangements in place for the registration of architects faoin Building Control Act 2007 in 2013.

Tá na rialacháin ghaolmhara seo a leanas déanta ag an Aire de bhun an Achta–


Clár Tionscail Foirgníochta na hÉireann

Bunaíodh Clár Thionscal Tógála na hÉireann ar bhonn deonach in 2014 agus tá tuairim is 800 eintiteas tógála agus conarthachta ar an gclár faoi láthair.

Foilsíodh an Bille um Sholáthróirí Oibreacha Tógála a Rialú 2021 an 12 Eanáir 2021. Nuair a chuirtear chun feidhme é, ceanglaítear leis an reachtaíocht ar gach eintiteas a sholáthraíonn seirbhísí tógála clárú le Clár Thionscal Tógála na h‏‏Éireann. Cuirfidh an reachtaíocht an clár ar bhonn reachtúil.

Bainfidh an ceanglas chun clárú leis an gclár le tógálaithe foirgneamh cónaithe agus neamhchónaitheach araon atá faoi réir na Rialachán Foirgníochta. Ní éileofar ar fhostóirí cuideachtaí tógála den sórt sin iarratas a dhéanamh ach éileofar ar thrádálaithe aonair é a dhéanamh.

Tá sé d’aidhm ag an mBille tairbhe a thabhairt do thomhaltóirí agus don phobal i gcoitinne a fhostaíonn tógálaí cláraithe cinnteacht a thabhairt dóibh go bhfuil siad ag déileáil le hoibritheoir cumasach agus comhlíontach. Meastar go gcuideoidh sé le cultúr inniúlachta, dea-chleachtais agus comhlíontachta le rialacháin foirgníochta a fhorbairt agus a chur chun cinn. Táthar ag súil go mbeidh tógálaithe in ann tús a chur le clárú in 2023 agus tosóidh clárúchán reachtúil ag tús na bliana 2024.

Regulation of Providers of Building Works Bill 2022

General Scheme of the Building Control (Construction Industry Register Ireland) Bill 2017

Regulatory Impact Analysis - Building Control (Construction Industry Register Ireland) Bill 2017