Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Sábháilteacht ó Dhóiteán do Phobal an Lucht Siúil

I mí na Nollag 2015, sheol an Stiúrthóireacht Náisiúnta Clár chun Athbhreithniú a Dhéanamh ar Shábháilteacht ó Dhóiteán i gCóiríocht don Lucht Siúil. Ceann de phríomhchuspóirí an tionscadail is ea Tionscnamh Feasachta Pobail ar Shábháilteacht ó Dhóiteán, a d’oirfeadh do Phobal an Lucht Siúil, a fhorbairt agus a fheidhmiú go céimneach.

Is é aidhm an tionscnaimh teachtaireachtaí maidir le sábháilteacht ó dhóiteán a scaipeadh i measc Phobal an Lucht Siúil, ag cur ar chumas daoine den Lucht Siúil tabhairt faoi chéimeanna praiticiúla maidir le saincheisteanna a bhaineann le sábháilteacht ó dhóiteán a bhíonn i gceist go coitianta i gcásanna daoine a chónaíonn ar láithreáin stad.

Chun tacú leis an bpróiseas seo, d’fhorbair an Stiúrthóireacht Náisiúnta, i gcomhairliúchán le príomhpháirtithe leasmhara lena n-áirítear Grúpaí Ionadaíochta thar ceann an Lucht Siúil, bileog agus leabhrán faisnéise maidir le sábháilteacht ó dhóiteán don Phobal an Lucht Siúil.

Traveller Fire Safety - Tips to Stay Safe

Pictograph - Fire Safety for the Traveller Community

Sonraí Teagmhála

National Directorate for Fire and Emergency Management

Seoladh:
Department of Housing, Local Government and Heritage, Rm. G59, Custom House, Dublin 1, D01 W6X0

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat