English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Sábháilteacht dóiteáin i gcarbháin

Tá na prionsabail a bhaineann le bheith sábháilte ó dhóiteáin i gcarbhán nó i dteach soghluaiste, mar an gcéanna leis na prionsabail a bhaineann le bheith sábháilte ó dhóiteáin i dteach ach tá roinnt fachtóirí eile le breithniú orthu.


Sábháilteacht Carbhán

  • tá dóiteáin i gcarbháin an-dainséarach ar fad
  • bíodh plean aslonnaithe ullmhaithe agat, chun fáil amach go gasta
  • bíodh do mhúchtóir dóiteáin agus do phluid dóiteáin féin agat agus déan cinnte go bhfuil a fhios ag gach duine conas agus cá huair a úsáidtear iad
  • déan cinnte go bhfuil do shorcóir gáis (LPG) taobh amuigh agat, ar leibhéal na talún agus go bhfuil sé i láthair atá aeraithe go maith ar shiúl ó fhoinse teasa ar bith
  • déan cinnte go bhfuil nasc maith leis an bpíobán gáis agus go bhfuil an sorcóir daingnithe
  • seas téitheoir breosla sholadaigh ar bith ar leac miotail nó cloiche mar is ceart
  • ná húsáid breosla peitril, pairifín nó díosail choíche agus sorn nó téitheoir breosla sholadaigh á lasadh agat
  • ba chóir luaith a bhaint le sluasaid mhiotail agus buicéad miotail agus iad a fhágáil taobh amuigh in áit shábháilte agus dhaingean lena fuarú
  • úsáid sciath le d’fhearais téimh.

Sábháilteacht Láithreáin

  • déan cinnte go bhfuil druil dóiteáin nó gnáthamh sábháilteachta agus bealach chun glaoigh ar na seirbhísí éigeandála ar do láithreán
  • faigh amach cá bhfuil an trealamh comhraicthe dóiteáin atá ar fáil agus bíodh a fhios agat cén dóigh a n-oibríonn sé
  • páirceáil carbháin agus tithe soghluaiste 6 mhéadar ar a laghad óna chéile
  • páirceáil carranna i bhfad ar shiúil ó charbháin agus ó thithe soghluaiste
  • ná stóráil gabhdáin pheitril, díosail nó gháis faoi do charbhán nó faoi do theach soghluaiste choíche
  • cuir gabhdáin fholmha in áit shábháilte nó in áit stórála oiriúnach ar shiúl ó charbháin agus ó fheithiclí agus ar shiúl ó fhoinse teasa ar bith
  • ná lig do bhruscar carnadh thart ar charbhán. Guais dóiteáin atá ann.

National Directorate for Fire and Emergency Management

Seoladh:
Department of Housing, Local Government and Heritage, Rm. G59, Custom House, Dublin 1, D01 W6X0