English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Sábháilteacht Dóiteáin in Éirinn

Tá Sábháilteacht Dóiteáin inár bpobail an-tábhachtach. Oibríonn na seirbhísí dóiteáin go crua ar an gcaillteanas bliantúil ó dhóiteáin a laghdú agus é a dhéanamh sábháilte do chomhraiceoirí dóiteáin chomh maith.

Oibríonn na seirbhísí dóiteáin go crua ar “shábháilteacht dóiteáin phobail” chun iarracht a dhéanamh ár mbailte a dhéanamh níos sábháilte. Tá ról um “innealtóireacht, oideachas agus forfheidhmiú sábháilteachta” acu chomh maith, rud a chiallaíonn go gcinntíonn siad go bhfuil gnóthaí, árasáin srl. sábháilte ó dhóiteáin chomh maith. Tá a lán ról éagsúil ag an tseirbhís dóiteáin lena n-áirítear:

  • obair um chosc dóiteáin sa phobal
  • Seirbhís um Rialú Foirgneamh agus um fhoirgnimh chontúirteacha
  • onaid slógaidh agus chumarsáide a reáchtáil
  • ionaid oiliúna ar bhonn réigiúnach
  • idirchaidreamh a dhéanamh leis an tseirbhís Cosanta Sibhialta agus í a reáchtáil i roinnt cásanna.

D’fhorbair an Stiúrthóireacht Náisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála a doiciméad beartais Pobail a Choinneáil Slán ina leagtar amach na treoracha amach anseo do na Seirbhísí Dóiteáin in Éirinn. Déantar iarracht leis an doiciméad beartais cothromaíocht a bhaint amach idir dóiteáin a chosc, na saoráidí cearta um chosaint dóiteáin a bheith i bhfoirgnimh agus freagairt éifeachtúil ón mbriogáid dóiteáin.

National Directorate for Fire and Emergency Management

Seoladh:
Department of Housing, Local Government and Heritage, Rm. G59, Custom House, Dublin 1, D01 W6X0