Sábháilteachta Dóiteáin don Seomra Suite
- Foilsithe: 28 Aibreán 2017
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Mairimid i ré ina bhfuil a lán nithe leictreonacha, mar shampla, teilifísí mórscáileáin, seinnteoirí dvd/físeáin, ríomhairí, Playstation, agus mar sin de, agus faightear na nithe sin go minic sa seomra suite. Chomh maith leis na nithe a luadh thuas bíonn a lán troscáin, ornáidí, coinnle, cairpéad/urlár adhmaid, fístéipeanna/dvdanna, grianghraf sa seomra suite, agus téann an liosta ar aghaidh. Ní iontas ar bith é go mbaineann a lán dóiteán leis an seomra suite.
Tá sé an-tábhachtach go mbeidh an doras chuig an seomra suite agus gach doras sa teach dúnta sula dtéann tú a luí toisc má bhíonn dóiteán ann moilleoidh sin leathadh an dóiteáin agus an deataigh.
Leideanna chun feabhas a chur ar shábháilteacht dóiteáin sa seomra suite
Leictreachas
- ná rólódáil soicéid leictreacha choíche
- má theastaíonn tuilleadh soicéad leictreach uait faigh leictreoir cáilithe chun iad a shuiteáil
- déan cinnte go n-úsáideann tú na fiúsanna cearta i d’fhearais
- díphlugáil gach fearas leictreach neamhriachtanach san oíche
- má tá trealamh leictreach deartha le bheith casta air thar oíche suiteáil aláram deataigh sa seomra.
Caiteoirí Tobac
- déan cinnte go bhfuil go leor luaithreadán sa seomra
- déan cinnte na luaithreadáin a fholmhú i ndiaidh iad a úsáid agus faigh réidh go cúramach lena bhfuil iontu (uisce fuar a dhoirteadh orthu)
- ná caith tobac choíche nuair atá tú tuirseach nó i ndiaidh alcól a ól toisc gur féidir le buin toitín, má ligeann tú dóibh titim, fanacht lasta ar feadh tréimhsí fad agus d’fhéadfadh dóiteán tosú
- ná fág toitíní lasta leo féin choíche
- coinnigh cipíní solais agus lastóirí in áit shábháilte ar shiúl ó pháistí.
Glanadh na Simléar
An dóigh is fearr le déileáil le dóiteán simléir ná gan ligeann dó tosú sa chéad áit. Chun dóiteán múcháin simléir a sheachaint déan cinnte go nglantar go rialta é - cloí leis an treoir ghlanta seo a mholtar:
- tinte dó adhmaid - Ceithre huaire sa bhliain
- tinte breosla sholadaigh - Uair amháin sa bhliain má úsáideann tú breosla gan toit
- tinte breosla sholadaigh - Dhá uair sa bhliain má úsáideann tú gual
- tinte ola - Uair amháin sa bhliain le linn seirbhísiú coire
- tinte gáis - Uair amháin sa bhliain le linn seirbhísiú coire
- soirn - Faoi mar a mholann an soláthraí.
Dóiteáin Simléir
Tarlaíonn dóiteáin simléir nuair a bhailíonn deascáin carbóin agus dusta i simléar agus téann siad ar thine le spréacha/teas ó thine oscailte. Má bhíonn an mí-ámh ort go dtarlaíonn dóiteán simléir i do theach cloí leis na moltaí thíos faoi cad ba cheart duit a dhéanamh. Níor cheart duit iarraidh a dhéanamh an dóiteán a mhúch ach má bhíonn sé sábháilte duit amhlaidh a dhéanamh.
- cuir spréach-sciath os comhair an dóiteáin ionas nach dtitfidh súiche te amach
- cuir glao ar an mBriogáid Dóiteáin agus coinnigh siúl géar ar an dóiteán
- d’fhéadfadh deatach éirigh níos tiubha sa seomra, mar sin bog gach duine amach
- bog an troscán agus na cairpéid ón teallach más féidir.
Teallaigh
- ná húsáid peitreal nó breoslaí leachtacha comhchosúla chun tine a lasadh i do theach
- ná dó ach ábhair atá oiriúnach don teallach/sorn
- déan cinnte go bhfuil aerú mar is ceart sa seomra agus gach cineál fearas téimh á n-úsáid agat
- cuir spréach-sciath éifeachtúil de mhéid oiriúnach os comhair tinte oscailte i gcónaí
- coinnigh an láthair thart ar an teallach glan ó pháipéir nuachtáin, leabhair, éadaí agus nithe inlasta eile
- seachain scáthán a chrochadh os cionn an teallaigh toisc go mealladh sé sin daoine chun seasamh ró-ghar don tine
- ná haeráil éadaí ag tine oscailte
- ba cheart réidh a fháil go cúramach le luaith the i mbuicéad stáin agus ná cuir isteach in araidí plaisteacha í nuair atá sí fós te.
Téitheoirí Iniompartha
- caith le téitheoir iniompartha faoi mar a chaithfeá le tine bhreosla sholadaigh
- úsáid sciath thart air chun é a chosaint ó chur isteach ó pháistí, ó pheataí, srl
- coinnigh ar shiúl é ó gach ní inlasta m.sh. troscán, cuirtíní, srl
- cuir an téitheoir in áit nach mbeifear ábalta é a leagan
- ná triomaigh éadaí ar théitheoirí nó os comhair téitheoirí
- coinnigh substaintí so-lasta amhail aerasóil, ábhair ghreamaitheacha, sreabháin ghlanta, srl. ar shiúl ó théitheoirí
- ná bog téitheoir nuair atá sé fós casta air nó fós te.
Coinnle
- déan cinnte go n-úsáidtear iad i gcoimeádáin mar is ceart, atá sábháilte ó dhóiteán agus ar dhromchla teasdíonach
- déan cinnte nach bhfágtar iad ar dhromchla óna bhféadfadh iad a leagan go furasta
- déan cinnte nach bhfágtar leo féin iad choíche
- coinnigh coinnle ar shiúl ó sheoidirí
- déan cinnte nach bhfágtar iad in áit a dtiocfadh le páistí nó peataí teacht orthu
- déan cinnte nach bhfuil ní inlasta ar bith os cionn na coinnle nó thart uirthi
- ná cuir coinnle lasta ar bharr teilifísí srl. choíche
- ná bog coinneal choíche nuair atá sí lasta. Múch í agus lig di fuarú ar dtús.
National Directorate for Fire and Emergency Management
- Seoladh:
- Department of Housing, Local Government and Heritage, Rm. G59, Custom House, Dublin 1, D01 W6X0