English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Scéim Íocaíochta Cúnaimh Tithíochta - Téarmaí agus Coinníollacha Tiarnaí Talún


Ní íocfar an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (HAP) ach le tiarna talún faoi na téarmaí agus coinníollacha seo.


Úinéireacht na maoine is ábhar don íocaíocht HAP

Caithfidh an tiarna talún cruthúnas ar úinéireacht na maoine a sholáthar i gceann de na doiciméid atá liostaithe sa seicliosta iarratais ar Fhoirm Iarratais HAP. Is féidir faisnéis mhionsonraithe faoi na cineálacha doiciméad a nglactar leo a fháil i 'Ceisteanna Coitianta do Thiarnaí Talún'. Is féidir leat í seo a fháil ó d’údarás áitiúil.

Cibé cineál cruthúnais a sholáthraíonn tú, caithfidh ainm an tiarna talún agus seoladh iomlán na maoine ar cíos a bheith san áireamh, lena n-áirítear uimhir an bhloic agus uimhir an árasáin, agus a bheith dátaithe. Caithfidh tú cruthúnas ar úinéireacht a thabhairt dúinn cibé an bhfuil an íocaíocht HAP le déanamh go díreach le tiarna talún nó le gníomhaire bainistíochta ainmnithe.


Tionóntacht

Caithfidh tionóntacht a bheith ag an iarratasóir HAP a chomhaontaítear de mheon macánta don mhaoin a ndéanfar na híocaíochtaí HAP ina leith. Sa chás go bhfuil caidreamh teaghlaigh idir an tionónta agus an tiarna talún, féadfaidh an t-údarás áitiúil fianaise a lorg maidir le caidreamh tiarna talún agus tionónta roimhe seo idir an tiarna talún agus an t-iarratasóir HAP. Féadfaidh an méid seo a leanas a bheith san áireamh san fhianaise seo:

  • cruthúnas ar íocaíochtaí cíosa
  • léas nó comhaontú tionóntachta don mhaoin
  • clárú na tionóntachta leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe (RTB)

Tabhair ar aird le do thoil nach féidir HAP a íoc má tá an tionónta ag iarraidh cíos a fháil laistigh d'áras an teaghlaigh.


Caighdeáin chóiríochta ar cíos

Tá oibleagáid dhlíthiúil ann go gcaithfidh gach maoin ar cíos, lena n-áirítear iad siúd in HAP, na Rialacháin um Thithíocht (Caighdeáin do Thithe ar Cíos) 2019 agus gach rialachán agus caighdeán sa todhchaí a chomhlíonadh. Is féidir leat tuilleadh a fháil amach faoi na caighdeáin seo ar láithreán gréasáin na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.

Faoin scéim HAP, socróidh an t-údarás áitiúil an mhaoin/an teaghais a iniúchadh laistigh de 8 mí ó thús na n-íocaíochtaí HAP, mura ndearnadh iniúchadh cheana ar an maoin/teaghais laistigh den 12 mhí roimhe sin, chun a chinntiú go gcomhlíonann an mhaoin/teaghais na caighdeáin riachtanacha. Má aimsíonn an t-iniúchadh seo nach gcomhlíonann sé na caighdeáin, scríobhfaidh an t-údarás áitiúil chuig an tiarna talún ag tabhairt am atá luaite go soiléir faoina gcaithfear feabhsúcháin nó deisiúcháin liostaithe a chur i gcrích. Má mhainníonn an tiarna talún na fadhbanna a shocrú faoin dáta a luaitear, cuirfear stip le gach íocaíocht HAP.


Comhlíonadh Cánach

Le bheith incháilithe chun íocaíochtaí HAP a fháil, ní mór do thiarnaí talún a thaispeáint gur chomhlíon siad a gcuid oibleagáidí cánach go léir.

Chun seo a dhéanamh, caithfidh siad fianaise a thabhairt ar imréiteach cánach arna eisiúint ag na Coimisinéirí Ioncaim. Nuair a dhéantar íocaíochtaí le gníomhaire údaraithe, ní mór don ghníomhaire a chruthú go bhfuil siad comhlíontach ó thaobh cánach de.

Mura dtaispeánann tú fianaise go bhfuil tú comhlíontach ó thaobh cánach de, cuirfear d’íocaíochtaí HAP ar fionraí má théann an méid iomlán a íocann an t-údarás áitiúil leat os cionn € 10,000 d’aon tréimhse 12 mhí.

Tabhair ar aird le do thoil: Déantar comhlíonadh cánach a sheiceáil i ‘bhfíor-am’ trí chóras r-imréitigh na gCoimisinéirí Ioncaim. Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim do theastas imréitigh a athbhreithniú nó a tharraingt siar (a chealú) ag am ar bith. Rachaidh do r-iarratas ar imréiteach cánach in éag go huathoibríoch tar éis 4 bliana agus ní mór duit athiarratas a dhéanamh chuig na Coimisinéirí Ioncaim.


Íocaíochtaí

Déanfar íocaíochtaí HAP go míosúil i riaráistí ar an gCéadaoin deireanach de gach mí trí aistriú leictreonach cistí chuig an gcuntas bainc ainmnithe. Baineann gach údarás áitiúil úsáid as seirbhísí Ionad Seirbhísí Comhroinnte HAP, atá lonnaithe i Luimneach, chun íocaíochtaí cíosa HAP a dhéanamh le tiarnaí talún.

Bailíonn Ionad Seirbhísí Comhroinnte HAP gach ranníocaíocht cíosa ó thionóntaí HAP freisin. Ar an gcúis seo, déanfar íocaíochtaí HAP le do chuntas in ainm 'Ionad Seirbhísí Comhroinnte HAP' nó 'Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh'. Tá íocaíochtaí a dhéantar le tiarnaí talún a chónaíonn lasmuigh de Phoblacht na hÉireann faoi réir cánach iarchoimeádta tiarna talún neamhchónaitheach ag an Ráta Caighdeánach 20%. Le haghaidh tuilleadh faisnéise téigh chuig www.revenue.ie

Cé go bhféadfaidh údarás áitiúil íocaíochtaí a dhéanamh le tiarna talún nó lena ghníomhaire, ní chiallaíonn sé sin go bhfuil an t-údarás áitiúil faoi dhliteanas cíosa atá dlite don tiarna talún. Ní bhunaíonn an socrú íocaíochta aon chomhpháirtíocht idir an tiarna talún agus an t-údarás áitiúil.


Taiscí

Níl an t-údarás áitiúil faoi dhliteanas an éarlais a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ó thiarna talún sula mbeidh sé sásta maoin a ligean ar cíos do thionónta a íoc.


Ranníocaíocht cíosa tionóntaí lena n-údarás áitiúil

Caithfidh tionóntaí HAP ranníocaíocht chíosa seachtainiúil a íoc leis an údarás áitiúil. Ní féidir leo leanúint ar aghaidh leis an scéim HAP ach amháin nuair a íocann siad an méid comhaontaithe seo. Is féidir tionóntaí nach n-íocann a ranníocaíocht cíosa a chur ar fionraí ón scéim HAP agus a gcuid íocaíochtaí HAP leis an tiarna talún a chur ar fionraí nó a scor.


An tionóntacht a bhainistiú

Is é an tiarna talún amháin atá freagrach as tionóntacht a deonaíodh faoin scéim HAP a bhainistiú. Mar aon le haon tionóntacht eile, leagtar amach na coinníollacha maidir leis seo san Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004 (arna leasú). Chun leanúint de bheith incháilithe do thionóntacht HAP, ní féidir le tionónta dul i mbun iompar frithshóisialta. Féadfaidh an t-údarás áitiúil íocaíochtaí HAP leis an tiarna talún a chur ar fionraí nó a stopadh má bhíonn an tionónta i mbun iompar frithshóisialta.


An Bord um Thionóntachtaí Cónaithe

Maidir le gach tionóntacht arna rialú ag an Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004 (arna leasú), is féidir díospóidí idir tionóntaí agus tiarnaí talún a tharchur chuig an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe (RTB) le haghaidh cinnidh. Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil faoin RTB ar www.rtb.ie


Criosanna Brú Cíosa

Sa chás go bhfuil maoin i gcrios brú cíosa, caithfidh an tiarna talún a thaispeáint gur chomhlíon sé an dlí. Féadfaidh an t-údarás áitiúil cruthúnas cíosa a socraíodh faoi thionóntachtaí roimhe seo a iarraidh. Tá tuilleadh faisnéise faoi chriosanna brú cíosa ar fáil ag www.rtb.ie