Scéim Chroí Chónaithe (Cathracha)
- Foilsithe: 10 Bealtaine 2022
- An t-eolas is déanaí: 30 Lúnasa 2024
Is ciste é Scéim Chroí Chónaithe (Cathracha) chun tacú le hárasáin a thógáil le díol le húinéirí lonnaitheacha. Tá sé mar aidhm leis an Scéim an “Bearna Inmharthanachta” a laghdú idir an costas atá bainteach le hárasáin a thógáil agus praghas díola an mhargaidh (nuair atá an costas tógála níos airde).
Is cuspóir beartais náisiúnta lárnach faoin gclár Tithíocht do Chách, plean náisiúnta tithíochta an Rialtais go dtí an bhliain 2030, tuilleadh áiteanna cónaithe a thógáil i gcathracha agus i mbailte na tíre, a mbeidh forás dlúth mar thoradh air chomh maith le cathracha bríomhara a bhfuil sé éasca maireachtáil iontu. Cuideoidh seo le dul i ngleic le hathrú aeráide, déanfaidh sé líon na bhfoirgneamh folamh agus tréigthe a laghdú agus cuideoidh sé freastal ar an éileamh láidir atá ann do mhaireachtáil uirbeach.
Ní chuirfear maoiniú ar fáil do Scéim Chroí Chónaithe (Cathracha) ach d’fhorbraíochtaí árasán oiriúnacha ina bhfuil bearna inmharthanachta léirithe. Mura sárófar an bhearna seo, is éard a leanfaidh as nach dtógfar na hárasáin nó go dtógfar iad ach nach mbeidh siad ar fáil le ceannach ag úinéirí lonnaitheacha. Beidh cuntasaíocht oscailte ag teastáil do gach forbraíocht lena chinntiú nach ndíreofar leis an maoiniú tacaíochta a chuirfear ar fáil ach ar an mbearna inmharthanachta atá i gceist a mbeidh laghdú costais do cheannaitheoirí áiteanna cónaithe agus ardú ar an soláthar sa mhargadh mar thoradh air.
Déanfaidh an Ghníomhaireacht Tithíochta an Scéim a bhainistiú agus a riaradh thar ceann na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Gheobhaidh an Ghníomhaireacht Tithíochta tograí le haghaidh forbraíochtaí trí ríomhthairiscintí. Déanfaidh sé incháilitheacht a mheas agus dícheall cuí mionsonraithe a dhéanamh agus measúnú oscailte ar thograí incháilithe.
Léirithe Spéise
Cuirtear fáilte roimh léirithe spéise ó fhorbróirí a bhfuil cead pleanála acu bloic árasán a thógáil (moltóirí). Ní mór na hiarratais a dhéanamh ar líne. Chun bheith incháilithe, ní mór do bhloic árasán:
- a bheith suite i gceann de na cathracha seo a leanas: Baile Átha Cliath, Corcaigh, Luimneach, Gaillimh nó Port Láirge
- a bheith ceithre stór nó níos airde agus a bheith glandlús 35 áit chónaithe an heicteár ar a laghad
- gar d’iompair phoiblí
- a bheith le díol le teaghlaigh ar úinéirí lonnaitheacha iad amháin
- a bheith in ann bearna inmharthanachta a léiriú, nuair atá an costas chun na hárasáin a thógáil níos airde ná praghas díola an mhargaidh
- cead iomlán pleanála a bheith faighte ina leith ach gan a tús a bheith déanta ar thógáil ag an am a chuirtear an t-iarratas isteach (Ar mhaithe le soiléire, i gcás bloic árasán nár tosaíodh orthu go fóill, i bhforbraíochtaí ilchéimneacha, san áit go bhfuil céimeanna á dtógáil nó leathchríochnaithe, beidh na bloic árasáin sin incháilithe).
Déanfar forbraíochtaí árasán incháilithe a rangú ansin bunaithe ar dhlús, dáta seachadta na n-árasán, caighdeán na forbraíochta, costas seachadta in aghaidh an árasáin agus cóngaracht do bhunsheirbhísí agus do bhunáiseanna. Ansin, beidh na tograí faoi réir díchill chuí mhionsonraithe agus measúnú oscailte.
Iarratais
Ba cheart iarratais a chur ar aghaidh ar eTenders tráth nach déanaí ná 5pm Dé Máirt an 21 Meitheamh 2022. Is é an moltóir amháin a bheidh freagrach as a chinntiú go bhfaighfear a iarratas roimh an spriocdháta luaite.