Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Scéim Réidh le Tógáil (Láithreáin Seirbhísithe le haghaidh Tithe Nua)

Faoin Scéim Réidh le Tógáil, cuirfidh údaráis áitiúla láithreáin seirbhísithe i mbailte agus i sráidbhailte ar fáil do cheannaitheoirí aonair féideartha (féin-tógálaithe). Beidh na láithreáin seo ar fáil ar lascaine ar luach margaidh an láithreáin chun maoin a thógáil lena háitiú mar phríomháit chónaithe phríobháideach an cheannaitheora.

Tá sé i gceist go bhforbróidh an t-údarás áitiúil an láithreán/na láithreáin atá ina rialú nó ina gceannach/ina suíomhanna agus go gcuirfidh siad ar fáil iad le haghaidh forbartha trí sheirbhísí agus rochtain a chur ar fáil ar an láithreán/na láithreáin atá i gceist.

Braithfidh leibhéal na lascaine don duine aonair ar an leibhéal costais seirbhísithe a thabhaíonn an t-údarás áitiúil roimh dhíol an láithreáin ach ní shárófar €30,000. Beidh méid na lascaine sin le feiceáil i bpraghas díola an láithreáin leis an gceannaitheoir.

Tá an Ciste dírithe ar úinéireacht tí. Ní mór do cheannaitheoir an láithreáin cónaí sa teaghais a tógadh ar an láithreán mar a phríomháit nó a príomháit chónaithe phríobháideach nuair a bheidh an áit chónaithe críochnaithe.

Tá tuilleadh eolais ar fáil in imlíne na scéime, san fhoirm iarratais agus sna Ceisteanna Coitianta a bhaineann léi. Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh i dteagmháil leis an Oifigeach Tithe Folmha i d'údarás áitiúil.

An Scéim um Réidh le Tógáil: Láithreáin le Seirbhísí do Thithe Nua - Imlíne Scéime
Amharc amharc
An Scéim um Réidh le Tógáil; Láithreáin le Seirbhísí do Thithe Nua - Freagraí ar do Cheisteanna
Amharc amharc
An Scéim um Réidh le Tógáil: Láithreáin le Seirbhísí do Thithe Nua - Foirm Iarratais
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat