Treoirlínte Alt 28 maidir le Cur i bhFeidhm an Chreata Náisiúnta Pleanála - Riachtanais Fáis Tithíochta (Iúil 2025)
- Foilsithe: 6 Lúnasa 2025
- An t-eolas is déanaí: 6 Lúnasa 2025
Cuireadh Treoirlínte Alt 28 maidir le Cur i bhFeidhm an Chreata Náisiúnta Pleanála - Riachtanais Fáis Tithíochta Sprioc-Mhodheolaíocht Soláthair Tithíochta don Phleanáil Forbartha, Treoirlínte d’Údaráis Phleanála, a foilsíodh i mí na Nollag 2020.
Mar thoradh ar fhaomhadh an Chreata Náisiúnta Pleanála i mí Aibreáin 2025, ina leagtar amach go bhfuil gá pleanáil a dhéanamh chun thart ar 50,000 aonad tithíochta breise a sheachadadh in aghaidh na bliana go dtí 2040, is gá athsholáthair a dhéanamh anois ar an Sprioc-Mhodheolaíocht Soláthair Tithíochta do Phleanáil Forbartha, Treoirlínte d’Údaráis Phleanála a foilsíodh in 2020, agus ‘riachtanais fáis tithíochta’ nuashonraithe a sholáthar d’údaráis áitiúla chun athbhreithniú agus athrú ar phleananna forbartha cathrach agus contae a éascú.
Leagtar amach sna Treoirlínte an cás maidir le héileamh tithíochta do gach údarás áitiúil go dtí 2040, bunaithe ar shamhaltú na hInstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta ar fhás daonra agus ar an éileamh atá ar thithíocht struchtúrach agus ar thoimhdí a bhaineann le héileamh nach bhfuiltear a shásamh. Is féidir le hÚdaráis Áitiúla tús a chur anois leis an bpróiseas chun na pleananna forbartha atá acu a mheas chun na figiúirí athbhreithnithe a léiriú ina gcuid pleananna forbartha.