Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Seiceáil Oíche

Déanann an chuid is mó de dhaoine seiceáil “An Rud Deireanach san Oíche” ar a dtithe lena chinntiú go bhfuil siad sábháilte ó ghadaí. Ba chóir dúinn “Seiceáil Ghnáthaimh Sábháilteachta Dóiteáin” a dhéanamh fosta. Níor cheart go nglacadh sin ach cúpla nóiméad go díreach ach thiocfadh leis an difear idir Bás agus Beatha a dhéanamh.

Siúl thart ar do theach agus:

  • díphlugáil gach fearas leictreach neamhriachtanach agus cas as gach fearas gáis neamhriachtanach san oíche
  • déan cinnte go múchtar gach coinneal agus gach lasair gan chosaint
  • cuir sciath tine os comhair tine oscailte
  • folmhaigh na luaithreadáin go léir
  • seiceáil go bhfuil na bealaí éalaithe saor ó bhacainní ar bith. Tá sé furasta titim sa dorchadas
  • seiceáil go bhfuil na heochracha cearta ar fáil do dhoirse ar bith a mbeadh ort an glas a bhaint díobh
  • dún na doirse ar fad chun leathadh tine agus deataigh a laghdú.

National Directorate for Fire and Emergency Management

Seoladh:
Department of Housing, Local Government and Heritage, Rm. G59, Custom House, Dublin 1, D01 W6X0

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat