Straitéis do Dhaoine Óga gan Dídean
- Foilsithe: 9 Samhain 2022
- An t-eolas is déanaí: 26 Iúil 2024
Is straitéis 3 bliana í an Straitéis do Dhaoine Óga gan Dídean a oibríonn i dtreo deireadh a chur le heaspa dídine do dhaoine óga idir 18-24 bliana d'aois trí:
- chosc agus bealaí amach
- feabhas a chur ar thaithí na ndaoine óga a bhfuil rochtain acu ar chóiríocht éigeandála.
Glacann an Straitéis seo le cur chuige uile-Rialtais chun dul i ngleic le heaspa dídine daoine óga agus tugann sí an iliomad páirtithe leasmhara tábhachtacha le chéile a mbeidh ról ríthábhachtach acu maidir le dul i ngleic leis na saincheisteanna bunúsacha.
Rud a dhéanann eolas don chur chuige iomlán i leith na Straitéise seo ná an t-aitheantas a thugtar do chriticiúlacht na dtacaíochtaí idirghníomhaireachta a bhfuil gá leo chun aghaidh a thabhairt ar an meascán casta de riachtanais shóisialta, sláinte agus eacnamaíocha daoine óga atá ag fulaingt nó i mbaol easpa dídine.
Tá trí phríomhaidhm straitéiseacha sa Straitéis:
- Daoine óga a chosc ó bheith gan dídean
- Taithí na ndaoine óga a bhfuil rochtain acu ar chóiríocht éigeandála a fheabhsú
- Cuidiú le daoine óga atá ag imeacht as easpa dídine.
Aithníonn an Straitéis grúpa áirithe laistigh den aoisghrúpa 18-24 atá i mbaol áirithe ó bheith gan dídean, agus a léirítear go díréireach sa daonra óg gan dídean.
Áirítear gníomhartha ar leith sa Straitéis seo chun cabhair a thabhairt do gach ceann de na grúpaí leochaileacha sin. San iomlán, tá 27 gníomh ar leith sa Straitéis do Dhaoine Óga gan Dídean atá dírithe ar dhaoine óga atá ag fulaingt nó atá i mbaol ó bheith gan dídean.
Straitéis um Easpa Dídine don Aos Óg Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn:
Straitéis um Easpa Dídine don Aos Óg Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn:I gcomhréir
leis na gealltanais a tugadh i gClár an Rialtais agus i dTithíocht do Chách araon, foilsíodh Straitéis náisiúnta um Easpa Dídine don Aos Óg i mí na Samhna 2022. Tá sé mar aidhm ag an Straitéis cabhrú le daoine óga idir 18-24 bliain d'aois atá gan dídean nó atá i mbaol a bheith gan dídean. Leagann an Tuarascáíl 18 mí ar Dhul Chun Cinn seo amach an méid a baineadh amach go dtí seo agus sainaithníonn sé
na tosaíochataí don 18 mí atá amach romhainn.