English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Struchtúir phleanála na hÉireann


Pleanáil Náisiúnta agus Réigiúnach

Tá an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, in éineacht leis an rialtas, freagrach as forbairt fhoriomlán beartais agus reachtaíochta náisiúnta pleanála. Cinntíonn an tAire freisin go gcuirtear na beartais seo i bhfeidhm ar bhonn áitiúil agus réigiúnach. I gCreat Náisiúnta Pleanála na hÉireann, leagtar amach an beartas uileghabhálach agus an creat le haghaidh forbairt sa todhchaí ar fud na tíre.

Le Tithíocht do Chách leagtar amach roinnt cuspóirí a bhfuil sé d’aidhm acu feabhas a chur ar fheidhmiú an chórais pleanála, lena n-áirítear athbhreithniú cuimsitheach agus comhdhlúthú a dhéanamh ar reachtaíocht phleanála. Is é an tArd-Aighne atá i gceannas ar an athbhreithniú seo, agus rannpháirtíocht shuntasach á fáil aige ón Roinn seo, agus cheap sé grúpa oibre gairmithe a bhfuil saineolas acu i leith dlí pleanála chun cuidiú leis ina chuid oibre. Táthar ag cur Cúirt Comhshaoil agus Pleanála tiomnaithe a bhunú chun cinn, atá faoi stiúir na Roinne Dlí agus Cirt, in éineacht leis an athbhreithniú seo.

Tá an Roinn ag obair le páirtithe leasmhara maidir leis an athbhreithniú agus i ndáil leis sin, tá Fóram Comhairleach Pleanála bunaithe aici ina bhfuil ionadaithe ó réimse leathan earnálacha, lena n-áirítear an earnáil phoiblí, earnáil an ghnó, earnáil an chomhshaoil, earnálacha sóisialta agus eolasbhunaithe. Leis an bhFóram, ar a bhfuil an tAire Stáit Peter Burke, TD ina chathaoirleach, cuirfear leis an mbeartas arna fhorbairt agus leis an gclár dlíthiúil, go háirithe i dtaca leis an Athbhreithniú ar Reachtaíocht Phleanála.

Tuilleadh eolais maidir leis an bhFóram Comhairleach Pleanála, le comhaltas leis agus le téarmaí tagartha.


Pleanáil Áitiúil

Tá sé de fhreagracht ar údaráis phleanála áitiúla pleanáil a dhéanamh ar bhonn áitiúil. Ullmhaíonn siad pleananna forbartha, pleananna ceantair áitiúil agus scéimeanna pleanála a threoraíonn forbairt ina gceantair. Tá siad freagrach as formhór na n-iarratas pleanála a chinntiú agus a chur i bhfeidhm.

Tá Criosanna Forbartha Straitéisí ag roinnt údaráis áitiúla ina gceantair. Ainmníonn an Rialtas na ceantair seo agus glacann údaráis áitiúla scéimeanna pleanála mionsonraithe chun forbairt a threorú agus tús áite a thabhairt don phróiseas pleanála le haghaidh forbartha, atá de réir na scéime. Le Tithíocht do Chách tabharfar isteach Criosanna Forbartha Uirbeacha nua. Le Criosanna Forbartha Uirbeacha cuirfear le coincheap an Chreasa Forbartha Straitéisí agus forbrófar é chun aghaidh a thabhairt ar cheantair uirbeacha a fhorbairt agus a athbheochan a bhfuil poitéinseal mór iontu do thithíocht.

Is é a bheidh i gceist le Criosanna Forbartha Uirbeacha ról tábhachtach maidir le cinntí a dhéanamh don údarás áitiúil agus rannpháirtíocht luath uaidh leis an bpobal áitiúil agus le húinéirí talún trí chur chuige faoi stiúir plean. Beidh scéim pleanála agus seachadta sa chur chuige lena n-áirítear na príomhchodanna bonneagair atá ag teastáil chun tacú le forbairt sa cheantar áitiúil.

Ní mór d’Údaráis Áitiúla, gach sé bliana, Pleananna Forbartha cathrach nó contae a ullmhú. Glacann na comhaltaí tofa na Pleananna seo gach sé bliana. Tá na Pleananna Forbartha seo bunaithe ar bheartais phleanála náisiúnta agus réigiúnach agus ar threoir a thugann an tAire agus an Rialtas. Sna pleananna seo, agus le Pleananna Ceantair Áitiúil, a fhorbraítear do lonnaíochtaí áirithe nó do chodanna eile de cheantar laistigh de limistéar feidhme údaráis áitiúil, déantar achoimre ar na príomhchuspóirí le haghaidh forbairt laistigh den limistéar thar shaolré an phlean. Áirítear orthu sin talamh a chriosú d’úsáidí ar leith.

Liosta teagmhála na nÚdarás Áitiúil.