Táillí uisce
- Foilsithe: 30 Samhain 2017
- An t-eolas is déanaí: 29 Nollaig 2023
- Coimisiún Saineolaithe ar Sheirbhísí Uisce Poiblí Baile
- Comhchoiste Oireachtais ar Mhaoiniú do Sheirbhísí Uisce Baile sa Todhchaí
- Grúpa Oibre Idir-rannach
Coimisiún Saineolaithe ar Sheirbhísí Uisce Poiblí Baile
Faoin ''Socrú Muiníne agus Soláthair'', a bhí mar aidhm aige tacú leis an rialtas mionlaigh, comhaontaíodh le Fianna Fáil go raibh Coimisiún Saineolaithe ar Sheirbhísí Uisce Poiblí Baile le bunú chun measúnú agus moltaí a dhéanamh maidir le maoiniú seirbhísí uisce poiblí baile in Éirinn agus feabhsúcháin a dhéanamh i gcúrsaí cáilíochta uisce, ag glacadh san áireamh:
- riachtanais chothabhála agus infheistíochta an chórais phoiblí uisce agus fuíolluisce ar bhonn gearrthéarmach, meántéarmach agus fadtéarmach
- tograí maidir leis an gcaoi a mbeadh an fóntais náisiúnta in úinéireacht Stáit in ann iasacht a fháil chun infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar uisce
- an gá le caomhnú uisce a spreagadh, lena áirítear athbhreithniú a dhéanamh ar fheachtais faisnéise ar chaomhnú uisce i dtíortha eile
- caighdeáin agus oibleagáidí comhshaoil intíre agus idirnáisiúnta na hÉireann
- ról an Rialtóra
- aighneachtaí ó gach páirtí leasmhar.
Tuarascáil gCoimisiún Saineolaithe ar Mhaoiniú na Seirbhíse Uisce Poiblí Baile .
Comhchoiste Oireachtais ar Mhaoiniú do Sheirbhísí Uisce Baile sa Todhchaí
Bhí mar thoradh ag an ‘’Socrú Muiníne agus Soláthair’’ go ndéanfadh Coiste Oireachtais Speisialta, Comhchoiste an Oireachtais ar Mhaoiniú Todhchaí do Sheirbhísí Uisce Baile, breithniú ar mholtaí an Choimisiúin Saineolaithe agus, sa deireadh, go chinnfeadh n tOireachtas an tsamhail mhaoinithe bhuan do sheirbhísí uisce poiblí amach anseo. Phléigh Comhchoiste an Oireachtais ar Mhaoiniú Todhchaí do Sheirbhísí Uisce Baile torthaí an Choimisiúin agus d’fhoilsigh sé a thuarascáil an 12 Aibreán 2017. Cheadaigh dhá Theach an Oireachtais an tuarascáil i mí Aibreáin. Ba iad a phríomh-mholtaí ná:
- ba cheart maoiniú do sheirbhísí uisce baile a sholáthar trí chánachas ginearálta, agus an maoiniú sin inaitheanta go soiléir laistigh den chánachas atá ann cheana
- cinnteacht maoinithe fadtéarmach d’Uisce na hÉireann trí thimthriallta buiséadacha ilbhliantúla
- ba cheart nasc idir ioncam a sholáthar d’Uisce Éireann ón Státchiste agus seirbhísí a n-íocann an t-ioncam sin astu
- úinéireacht phoiblí ar sheirbhísí uisce: tacaíocht do reifreann chun úinéireacht phoiblí a chumhdach sa Bhunreacht
- ról leathnaithe don Fhóram Uisce Poiblí
- meánleibhéal tomhaltais do chustaiméirí uisce baile socraithe ag an gCoimisiún um Rialáil Fhóntais, a shocraigh na tairsí ag 1.7 oiread meánúsáid an teaghlaigh
- srian a chur le cur amú uisce trí chur chuige bunaithe ar dhreasachtaí, tobhaigh agus bearta eile
- bearta feabhsaithe chun caomhnú uisce a mhéadú, lena n-áirítear clár iarfheistiú réamhghníomhach agus leasú uaillmhianach ar chaighdeáin agus rialacháin tógála atá ann cheana
- méadrú ceantair, méadair bhaile atá ann cheana agus teicneolaíocht nua-aimseartha a úsáid chun tacú le laghdú sceitheadh, lena n-áirítear mór-mhéadrú le haghaidh forbairtí il-aonad mar bhloic árasáin agus úsáid méadar in áitribh nua agus athchóirithe teaghaise a dteastaíonn cead pleanála iomlán uathu
- athbhreithniú ar an straitéis bunaithe ar an tuarascáil tar éis tréimhse cúig bliana.
Tuarascáil an Chomhchoiste um Mhaoiniú do Sheirbhísí Uisce Baile sa Todhchaí .
Grúpa Oibre Idir-rannach
Tar éis fhoilsiú thuarascáil an Chomhchoiste Oireachtais agus a ceadú ag an Oireachtas bunaíodh grúpa oibre idir-rannach ina raibh ionadaithe ón Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, an Roinn Airgeadais agus an Roinn Caiteachais agus Athchóirithe Poiblí le cinneadh a dhéanamh conas is fearr samhail nua maoinithe d’Uisce Éireann a chur i bhfeidhm de réir mholtaí an Chomhchoiste Oireachtais. Ba iad moltaí an Ghrúpa Oibre seo:
Is é an aihm atá leis an tsamhail mhaoinithe athbhreithnithe atá beartaithe d’Uisce Éireann na gnéithe seo a leanas a chinntiú:
- go soláthraítear an leibhéal uasta cinnteachta maoinithe ar bhonn ilbhliantúil laistigh de shrianta phleanála buiséid an rialtais
- go gcoinnítear an tsamhail rialála slán chun éifeachtúlacht agus seirbhísí feabhsaithe do chustaiméirí a chur chun cinn
- go gcomhlíontar na riachtanais maidir le gnóthú costas faoin WFD
- go bhfeabhsaítear trédhearcacht agus cuntasacht as maoiniú don Oireachtas.
Tá Uisce Éireann chun Plean Maoinithe Straitéiseach ilbhliantúil a fhorbairt a thabharfaidh breac-chuntas ar na costais agus na riachtanais ioncaim a bhaineann le cur i bhfeidhm an Phlean Straitéisigh um Sheirbhísí Uisce a chlúdaíonn tréimhse an timthrialla rialála ábhartha (cúig/sé bliana), ag féachaint do Ráiteas Beartais um Sheirbhís Uisce a tháinig ón Aire.
Formheasfaidh an tAire an plean seo mar bhunús d’aighneacht Uisce Éireann chuig an CER don timthriall rialála atá le teacht. Cinnteoidh sé seo comhthuiscint idir an Rialtas agus Uisce Éireann ar na paraiméadair leathana airgeadais agus na tosaíochtaí infheistíochta. Cé go bhfaighidh Uisce Éireann buiséid bhliantúla, déanfar iad a chumadh i gcoinne chúlra an phlean seo, agus i gcás ina mbeidh laghduithe maoinithe ag teastáil, cinnteoidh meicníochtaí rialaithe athraithe go mbeidh baint ag an CER leis an bpróiseas cinnteoireachta a bhaineann leo.
Déanfar gach maoiniú Stáit d’Uisce Éireann maidir le seirbhísí uisce baile a threorú tríd an Vóta DHPLG agus beidh sé i bhfoirm íocaíochta as seirbhísí uisce tí mar a chinntear é tríd an bpróiseas rialála agus ranníocaíocht chaipitiúil.
Beidh an íocaíocht i leith seirbhísí uisce bhaile bunaithe ar uisce a cheannach mar a rinneadh roimhe seo, cé go gclúdóidh sé anois tomhaltas uisce tí ar fad seachas úsáid iomarcach. Méadófar an ranníocaíocht chaipitiúil chun maoiniú do sheirbhísí uisce bhaile a chuimsiú agus íocfar é, ar théarmaí atá cosúil go ginearálta le hUisce Éireann, mar a d’eisigh an tAire Airgeadais roimhe seo é.
Ní ardóidh Uisce Éireann fiach (laistigh de theorainneacha) ach amháin maidir le caiteachas caipitil na hearnála nach mbaineann leis an mbaile d’fhonn a chinntiú gur féidir gnóthú costas iomlán a thaispeáint don earnáil sin agus chun imní tras-fhóirdheontais nó státchabhrach a sheachaint.
Ceanglaítear ar Uisce Éireann tionscadail mhóra bhonneagair a phleanáil atá ina bpríomhghné de shainchúram foriomlán náisiúnta Uisce Éireann chun freastal ar fhormhór na riachtanas seirbhísí uisce baile, tráchtála agus tionsclaíocha sa todhchaí meántéarmach agus fadtéarmach (go 2050 agus ina dhiaidh sin). Beidh ceanglais mhaoinithe shubstaintiúla ag mórthionscadail den sórt sin, dá bhrí sin, beidh sé riachtanach socruithe maoinithe a mheas do na mórthionscadail bhonneagair seo laistigh den struchtúr seo (e.g. íocaíochtaí aonadacha vs. caipitil tosaigh).
Tuarascáil an Ghrúpa Oibre ar Mhaoiniú do Sheirbhísí Uisce Baile sa Todhchaí .