English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Tacaíocht don tithíocht shóisialta a sholáthraíonn údaráis áitiúla


Cén cineál tacaíochta tithíochta a sholáthraíonn údaráis áitiúla?

Is iad údaráis áitiúla príomhsholáthraithe na tacaíochta tithíochta sóisialta do dhaoine nach bhfuil ar a n-acmhainn a dtithe féin a cheannach.

Soláthraítear tacaíocht tithíochta sóisialta trí roinnt scéimeanna difriúla.

Chomh maith le tithíocht thraidisiúnta ón údarás áitiúil, soláthraítear tacaíocht tríd:

Scéimeanna a fhaigheann tacaíocht ó SHCEP

Cuimsíonn sé seo scéimeanna ar nós:

  • an Áis Réamhléasaithe Chaipitil (CALF)
  • an Ciste Fáltas Gníomhaireachtaí Tithíochta (HAA)
  • chomh maith le hairíonna urraithe trí chláir léasaithe ar leith

Cláir léasaithe

  • an Scéim Deisiúcháin agus Léasaithe (RLS)
  • an Scéim Léasaithe Fhadtéarmaigh
  • an Scéim Léasaithe Ghearrthéarmaí
  • an Scéim um Morgáiste go Cíos.

Comhlachtaí Tithíochta Ceadaithe

Soláthaíonn Cumainn Tithíochta agus comharchumainn tithíochta, ar a dtugtar comhlachtaí tithíochta ceadaithe, tithíocht shóisialta do dhaoine freisin nach bhfuil in ann cóiríocht a sholáthar as a gcuid acmhainní féin.

Iarrtas ar thacaíocht tithíochta sóisalta

Is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig d’údarás áitiúil ar thacaíocht tithíochta sóisialtaa má chomhlíonann tú coinníollacha áirithe cáilitheachta agus riachtanais, lena n-áirítear teorainn ar ioncam.


Forlíonadh Cíosa

Ní riarann údaráis an Scéim Forlíonta Chíosa . Riarann an Roinn Cosanta Sóisialta an Scéim Forlíonta Chíosa. Beart gearrthéarmach tacaíochta ioncaim atá ann chun cabhrú le costais chóiríochta réasúnacha ag daoine incháilithe a chónaíonn i gcóiríocht phríobháideach ar cíos agus nach bhfuil in ann íoc as a gcostais chóiríochta as a gcuid acmhainní féin agus nach bhfuil cóiríocht ar fáil dóibh ó fhoinse eile.