English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Tacaíochtaí do vótálaithe



An vótálaí tú a bhfuil tinneas coirp nó míchumas fisiciúil ort?

Tá tacaíocht ar fáil chun cabhrú leat páirt a ghlacadh san Olltoghchán ar De hAoine, 29 Samhain 2024.


Ionaid vótaíochta inrochtana

Má tá tú faoi mhíchumas fisiciúil agus má tá deacracht agat rochtain a fháil ar d'ionad vótaíochta áitiúil is féidir leat iarraidh do vóta a aistriú chuig ionad vótaíochta níos inrochtana i do thoghcheantar. Déan teagmháil le do Cheann Comhairimh le do thoil faoin 22 Samhain 2024.


Teimpléid Páipéir Ballóide

Má tá tú dall nó má tá lagamharc ort, is féidir leat vótáil go neamhspleách trí úsáid a bhaint as Teimpléad Páipéir Ballóide, a bheidh ar fáil ag gach ionad vótaíochta.


Vótáil le Compánach

Má tá tú faoi lagamharc chomh tromchúiseach sin, nó má tá tú faoi mhíchumas coirp nó mura bhfuil tú in ann léamh ná scríobh sa mhéid agus nach bhfuil tú in ann vótáil gan chúnamh, féadfaidh compánach do pháipéar ballóide a mharcáil duit.

Chun a bheith mar chompánach:

  • ní mór don duine a bheith sé bliana déag d'aois ar a laghad
  • níor cheart don duine a bheith ina (h)iarrthóir ná ina g(h)níomhaire iarrthóra, agus
  • ní fhéadfaidh sé/sí cabhrú le níos mó ná beirt toghthóirí ag toghchán.

Mura bhfuil duine incháilithe chun feidhmiú mar do chompánach, is féidir leat iarraidh ar dhuine eile gníomhú mar do chompánach nó féadfaidh an tOifigeach Ceannais cúnamh a thabhairt duit.


Vótáil tríd an bPost

I gcásanna nach féidir leat dul chuig an ionad vótaíochta mar gheall ar mhíchumas nó ar bhreoiteacht, is féidir leat vótáil tríd an bpost trí iarratas a dhéanamh chun a bheith ar liosta na bpostvótálaithe. Is iad na húdaráis chlárúcháin a ullmhaíonn agus a choinníonn é sin mar chuid de chlár na dtoghthóirí. Is féidir iarratas chun clárú ar liosta na bpostvótálaithe a dhéanamh am ar bith ach tú a bheith incháilithe le do chur ar liosta na bpostvótálaithe. Mar sin féin, i gcás ina bhfuil dáta don vótaíocht in Olltoghchán socraithe, is é an dáta is déanaí chun iarratais ar phostvótáil a fháil ná dhá lá tar éis an dáta a lánscoirfear an Dáil.

I gcás ina bhfaighfear iarratas tar éis an ama sin, ní bheidh aon éifeacht aige ar an ócáid toghcháin sin.

Tuilleadh eolais do vótálaithe faoi mhíchumas.