English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Teorainneacha caiteachais agus méid aisíocaíochta d’iarrthóirí Dála



Teorainneacha caiteachais agus méid aisíocaíochta d’iarrthóirí Dála

Baineann teorainneacha caiteachais nua agus méideanna aisíocaíochta le hiarrthóirí i dtoghcháin Dála. Tugadh éifeacht do na hathruithe sin san Ordú um an Acht Toghcháin 1997 (Athrú ar Mhéideanna Airgeadaíochta) 2024, a fógraíodh Dé Luain, an 21 Deireadh Fómhair 2024.


Teorainneacha caiteachais

Ní mór caiteachas toghcháin a thabhaíonn iarrthóir i dtoghchán Dála a bheith faoi bhun na dteorainneacha seo a leanas:

  • €38,900 i ndáilcheantar 3 shuíochán
  • €48,600 i ndáilcheantar 4 shuíochán
  • €58,350 i ndáilcheantar 5 shuíochán

Baineann na teorainneacha caiteachais seo le gach costas a thabhaítear agus na híocaíochtaí a dhéantar chun maoin, earraí nó seirbhísí a sholáthar a úsáidtear chun críocha toghcháin le linn na tréimhse dar tosach dáta eisiúna an eascaire agus dar críoch an lá vótaíochta, an dá dháta sin san áireamh.

Ní mór ráiteas na gcostas toghcháin a thuairisciú don Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí laistigh de 56 lá ó lá na vótaíochta.


Teorainneacha aisíocaíochta

  • Féadfar na costais iarbhír a thabhaíonn siad a aisíoc le hiarrthóir a thoghtar, suas le huasmhéid de €11,200.
  • Féadfar costais iarbhír arna dtabhú, suas le huasmhéid de €11,200, a aisíoc le hiarrthóir nach dtoghtar agus a sháraíonn aon cheathrú den chuóta ina ndáilcheantar nó ina dtoghcheantar.

Léigh an tOrdú um an Acht Toghcháin, 1997 (Athrú ar Mhéideanna Airgeadaíochta), 2024.